Méid an Téacs

Post an phríomhoide ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh fógartha

Deireadh Fómhair 17, 2013

Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil

Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 1 Feabhra 2014.

Iarbhunscoil dheonach, Ilchreidmheach, lán-Ghaeilge do chailíní agus do bhuachaillí is ea Gaelcholáiste an Phiarsaigh, atá faoi iontaobhas Foras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge agus a bheidh ag oscailt don chéad uair i mí Mheán Fómhair 2014.

Is féidir foirm iarratais a fháil ach scríobh chuig Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta ag an seoladh sealadach seo: Gaelcholáiste an Phiarsaigh, An Foras Pátrúnachta, Bloc K3, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, nó trí ríomhphost a sheoladh go cathaoirleach@gaelcholaiste.com.

Glacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe mar aon le CV, go dtí 4pm ar an gCéadaoin, 6 Samhain 2013.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaelcholáiste an Phiarsaigh.

Feidhmeannach Oibriúcháin UISCE

Deireadh Fómhair 9, 2013

Riachtanais Riachtanach:

  • Céim triú leibhéal (NFQ leibhéal a 7 nó níos mó).
  • 3 x bliain ar a laghad de thaithí ag obair sa réimse fáilteachas nó ag bainistiú cúrsaí eachtraíochta.
  • Ní mór d’iarrathóirí Gaeilge líofa a bheith ar a gcumas acu -T.E.G. Leibhéal C.1 (Ard-caighdeán scríofa + labharta).
  • Taithí ag bainistiú buiséid agus ag feidhmiú laistigh de theorainn an bhuiséid sin.
  • Ní mór lán-cheadúnas glan a bheith ag iarrathóirí agus a módh iompair féin a bheith acu.
  • Módh cumarsáide teileafóin béasach agus gairmiúil.
  • Ardscileanna óstacha.
  • Ní mór tuiscint feidhmeanach ar ríomhairí agus na córais a bhaineann leo ar bhonn riaracháin.

Riachtanais Inmhianaithe:

  • Ceannaire láidir le scileanna cumarsáide idirphearsanta den scoth.
  • Go maith ag bainistiú brú le cumas cruthaithe in eagrúcháin, i mbainistíocht ualach oibre pearsanta agus cumas rudaí a chur in óird tosaíochta de réir tábhachta nuair is gá.
  • Scileanna cumarsáide – soléir/gonta/éifeachtach.
  • Taithí i margaíochta agus i mbolscaireacht tairgí.
  • Bheadh taithí éigin le heachtraí uisce inmhianaithe nó taithí in UISCE.

Réimsí Specificiúla:

  • Bainisteoir Ghnó Turais Scoile.
  • Bainistiú agus eagriúchán ar chur in áirithe do ghrúpaí:
    • Gaelscoileanna
    • Grúpaí idirbhliana
    • Grúpaí 3ú leibhéil
  • Óstáil agus Seirbhís chustaiméara- feidhmiú mar áisitheoir do na grúpaí.
  • Fadhbanna custaiméara a réiteach go dearfach, tapaidh agus go héifeachtach nuair is gá.
  • Róta comhlachta a dhéanamh amach agus bainistiú éifeachtach de bhuiséad páigh.
  • Freagrach as cur san áireamh áiteanna do gach seachtain sa bhféilire.
  • Cinntiú go bhfuil an róta agus buiséad pá á bhainistiú go héifeachtach.
  • Bainistiú na hachmhainní daonna a ghabhann le foireann Eachtraí UISCE.
  • Bainisteoir Dualgais ar fáil (lán-cheadúnas glan ag teastáil).

Cumarsáíd le Ranna Oifigiúla:

  • Irish Canoe Union
  • Irish Surfing Association
  • Irish Sailing Association

Aon táscanna eile a bheidh de dhíth ó bainistíocht UISCE, go háirithe i rith séasúir an tSamhraidh.

UISCE – Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo

CV chuig – jobs@uisce.ie

Suíomh Idirlín – www.uisce.ie

Cúntóir Naíonra – CE

Deireadh Fómhair 3, 2013

Daoine á lorg mar stiúrthóirí do phost CE i naíonra, ar maidin 08:45 go 12:45 agus do Chúram tar éis scoile 1i.n.-5i.n. dé Luan – dé h-Aoine san ionad chéanna.

Daoine le spéis i gCúram Leanaí agus le cumas maith Gaeilge más féidir.

Is gá go mbeadh beagnach/ ar a laghad bliain iomlan d’íocaíocht leasa sóisialta á fáil ag an t-iarrathóir.

Is fíu go mór an post seo do dhuine atá ar íocaíocht íseal ón Roinn.

Naíonra Chaitlín Maude, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

naionra.cm@gmail.com

Oifigeach Forbartha Náisiúnta

Meán Fómhair 30, 2013

Post Lán-Aimseartha

Dualgais: Óg-Chlubanna Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt timpeall na tíre. Cúrsaí agus imeachtaí a eagrú Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do na scairshealbhóirí Obair Riaracháin.

Cailíocht 3ú leibhéal nó a choibhéasach

Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa Taithí ar obair óige Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta Ábalta obair as a stuaim féin Scileanna maithe ríomhaireachta Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr Taithí ar chúrsaí poiblíochta & margaíochta

Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig: maedhbh@ogras.ie
Riarthóir, Ógras, 6 Sráid Fhearchair , B.Á.C. 2
Teil: 01 4751487

Roimh an Aoine 4 Deireadh Fómhair, 2013.

Dhá phost le líonadh ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Meán Fómhair 26, 2013

Tá dhá phost le líonadh ag an Chomhairle. Má tá suim agat, is féidir dul i dteagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. Is iad na poist:
• Oifigeach Cléireachais (Post Buan)
• Oifigeach Forbartha Óige (Post Sealadach – 6 mhí)
• Fógra Poiblí – OC_OFÓ0913

Oifigeach Forbartha Náisiúnta á lorg ag Ógras

Meán Fómhair 24, 2013

Fógra Poist – Oifigeach Forbartha Náisiúnta

Poist i nGaelscoil na gCrann, An Ómaigh

Meán Fómhair 24, 2013

Tá post mar chúntóir ranga RSO (20 uair in aghaidh na seachtaine) de dhíth ar Ghaelscoil na gCrann chomh luath agus is féidir.

Chomh maith leis sin, tá cúntóir de dhíth orthu fosta ag a gclub iarscoile ó 3.15in – 5.15in.

Má bhíonn suim ag duine ar bith, thig leo teagmháil a dhéanamh leo ar 028 82 252 772 nó ag dmckenna641@c2kni.net

Múinteoir Gaeilge

Meán Fómhair 17, 2013

Tá Comhlachas na nÉireannach Gorm ag lorg saorálaí le Gaeilge a mhúineadh do ghlantosaitheoirí.
Táthar ag lorg duine le scileanna cumarsáide maithe agus le spéis i gcúrsaí ilchultúrthachta agus inimirce.
Beidh an té a roghnófar mar mhúinteoir ar fhoghlaimeoirí gan taithí ar bith acu i gcúrsaí theanga nó chultúr na hÉireann, mar sin is gá spéis i gcultúr agus stair na hÉireann.
Beidh solúbthacht i gceist maidir le hamchlár agus cur chuige na ranganna.
Is post deonach é seo ach íocfar aon chostais a bhaineann leis.

Déan teagmháil le language@blackirish.ie.

https://www.facebook.com/asso.blackirish : www.blackirish.ie

Foilsithe at Gaelport.com

Cúntóir Naíonra agus Stiúrthóir Cúnta

Meán Fómhair 12, 2013

Naíonra Chaitlín Maude, Caile Átha Cliath 24 ag lorg duine mar stiúrthóir do:
a) Chúram pháistí d’uair a chloig roimh scoile agus
b) trí uair a chloig i.e. eagrú lóin agus glanadh suas 1i.n. – 4i.n.
Duine le FETAC 5 i gCúram Leanaí agus cumas maith Gaeilge más féidir.
Post 9 mhí atá i gceist anseo. €12 san uair.
Spriocdháta: 16-9-2013
CV chuig naionra.cm@gmail.com

Stiúrthóir Cúnta do Cúram tar éis scoile. 1i.n.-5i.n. Luan – Aoine.
Duine le FETAC 5 i gCúram Leanaí agus cumas maith Gaeilge más féidir. €12 san uair.
Post 9 mhí atá i gceist anseo.
Spriocdháta: 16-9-2013
CV chuig naionra.cm@gmail.com

Rúnaí Scoile

Meán Fómhair 12, 2013

Tá folúntas do Rúnaí Páirtaimseartha Scoile i nGaelscoil Riada, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Post páirtaimseartha atá i gceist.
Riachtanais:
• Beidh ar an té a cheapfar a bheith sásta imréiteach Gharda a fháil.
• Ard-chaighdeán Ghaeilge riachtanach don phost.
• Scileanna ríomhaireachta agus dea-scileanna cumarsáide de dhíth.
• Ní mór d’iarrathóirí taithí rúnaíochta agus riaracháin a bheith acu .
Seol do c.v chuig riada06@gmail.com nó chuig:
An Cathaoirleach,
Gaelscoil Riada,
Ráithín, Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe

Spriocdháta: Dé Céadaoin, 25 Meán Fómhair 2013

« Previous PageNext Page »