Méid an Téacs

Different Fine Gael views on Irish in exam

Feabhra 10, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ceolchoirm ar son Gaelscoil Ráth Tó

Feabhra 10, 2011

Beidh Ceolchoirm Mór ag Gaelscoil Chill Dara do Ghaelscoil Rath Tó ar an Déardaoin, 10ú Márta i nGaelscoil Chill Dara le John Spillane, Eoin Dillon (Kila) agus ceoltóirí eile. Ticéid €10 ar fáil sa scoil.

Is scoil comhoideachais lán-Ghaeilge í Gaelscoil Ráth Tó, le sainmheon Caitliceach faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta. Tá an scoil lonnaithe in Ionad Pobail Ráth Tó, Co. na Mí.  Cuireann an scoil lán-fháilte roimh páistí d’aon chúlra teanga, sóisialta nó creidimh agus d’aon náisiúntacht.  Bunaíodh an scoil sa bhliain 2010 mar thoradh ar fheachtas tuismitheoirí áitiúla a theastaigh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí uathu, agus cuirfear fáilte go fóill roimh tuismitheoirí gur mhaith leo a bpaistí a chlárú don téarma reatha.  Feidhmíonn an scoil de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna mar scoil gan táille, cé nach bhfuil aitheantas faighte ag an scoil ón Roinn go fóill.  Tá súil againn go dtiocfaidh an t-aitheantas sin i 2011. Faoi láthair, tá Gaelscoil Ráth Tó maoinithe le cúnamh ó eagraíochtaí Gaeilge náisiúnta, chomh maith le hairgead atá tiomsaithe ag pobal na scoile.

‘Ní féidir linn glacadh le polasaí Gaeilge Fhine Gael’

Feabhra 10, 2011

Tá fáilte curtha ag Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge roimh chuid de leasuithe Fhine Gael (FG) ar a bpolasaí Gaeilge.

Dar leis áfach, beidh an eagraíocht ag leanúint ar aghaidh ag cur brú ar iarrthóirí FG seasamh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Dúirt de Spáinn le Foinse: “Tá dul chun cinn déanta ag an bpáirtí sin ar an bpolasaí oideachais ach ní féidir linn glacadh leis toisc go bhfuil siad fós ag caint faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. “Tá stiúrthóir againn i ngach dáilcheantar a bheidh ag ceistiú na n-iarrthóirí ar fad faoin nGaeilge sna seachtainí roimh an olltoghchán.” Tugadh deis do na hurlabhraithe éagsúla: an tAire Pat Carey (Fianna Fáil), Frank Feighan (Fine Gael), Brian O’Shea (Páirtí an Lucht Oibre) agus Aongus Ó Snodaigh (Sinn Féin) cur síos a dhéanamh ar a bpolasaithe Gaeilge ag seimineár faoin Straitéis 20 Bliain Déardaoin seo caite i mBÁC. Ní raibh urlabhraí ón gComhaontas Glas i láthair ar an oíche.

Bhí go leor ceisteanna á gcur ar na hurlabhraithe Gaeilge tar éis na n-óráidí, Frank Feighan ach go háirithe. Má éiríonn le FG san olltoghchán ag deireadh na míosa seo, tá sé ar intinn ag an bpáirtí ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. Mar sin, bhí an-suim acu siúd a bhí i láthair sa mhéid a bhí le rá ag Frank Feighan ina thaobh.

Seo cuid de na pointí ó pholasaí Gaeilge FG a luaigh Feighan ar an oíche:

  • Cuirfidh an páirtí cabhair ar fáil do na coláistí samhraidh.
  • Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin tar éis an olltoghcháin leis na páirtithe atá bainteach leis an nGaeilge, maidir le hábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge.
  • Déanfar machnamh ar phointí breise a thabhairt dóibh siúd a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an ardleibhéal.
  • Bronnfar 50 faoin gcéad de na marcanna don scrúdú béil.
  • Bunófar scála líofachta náisiúnta a dhéanfaidh meastacháin ar an gcumas Gaeilge atá ag muintir na hÉireann.
  • Dúblóidh an polasaí nua líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an Ardteist faoi 2018.

Dar le hAodhán Ó Deá, an t-oifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Léinn, is maith an rud é gur thuig FG nach raibh lucht na Gaeilge sásta leis an bpolasaí mar a bhí. “Tá siad tar éis roinnt smaointe eile a chur chun tosaigh ach níl an fhianaise acu a thacaíonn le deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach” a dúirt sé. “Bíonn mé ag tabhairt cuairte ar na cumainn Ghaelacha éagsúla in ollscoileanna timpeall na tíre agus feictear domsa an difríocht a bhíonn ann; bíonn na mic léinn ag baint taitnimh as an nGaeilge ag an ollscoil.”

Dúirt Aodhán nach bhfuair sé an t-aiseolas céanna ó na cuairteanna a thug sé ar ranganna idirbhliana. Labhair Frank Feighan le Foinse tar éis na hócáide agus bhí sé sásta go leor leis an gcaoi a ndeachaigh sé: “Tuigim go bhfuil dearcthaí éagsúla ag daoine i leith na teanga ach ag deireadh an lae, tá an aidhm chéanna againn ar fad.Is maith an rud é go bhfuil díospóireacht faoin ábhar seo oscailte anois.”

Bhí ar Feighan an seimineár a fhágáil beagán luath le freastal ar chruinniú eile i mBéal na mBuillí, Contae Ros Comáin. Dar leis, ba é an chéad cheist a cuireadh air ann ná ceist faoi pholasaí Gaeilge Fhine Gael!

Foinse – Orla Bradshaw

Forógra Gaeilge agus Gaeltachta foilsithe ag an gComhdháil

Feabhra 8, 2011

Ag eascairt as an seimineár poiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an 3 Feabhra, beidh éilimh thoghchánaíochta á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta.

Ar na ceisteanna a pléadh ag seimineár poiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar 3 Feabhra, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.  

Éilimh Toghchánaíochta 2011

An Ghaeltacht

• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil  d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir.

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais

• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.

An Ghaeilge sa státchóras

• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge.  Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Eascraíonn éilimh toghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail.

“Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”, a dúirt sé .   

Tá tuilleadh eolais faoin seimineár seo ar fáil ag www.gaelport.com/seiminearpoibli.

Scléip – Buaiteoirí Babhta Laighin

Feabhra 8, 2011

Bhí Babhta Laighin againn san Axis (i mBaile Munna, Baile Átha Cliath) ar an 7 Feabhra agus bhí 7 scoil linn ar an lá. Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, bhí iomaíocht den scoth ann agus tá moladh tuillte ag na rannpháirtithe uile a chur seó den scoth ar stáitse dúinn. Beimis ag súil go mór leis an Craobh Ceannais san Axis ar an 2 Aibreán. Má tá grianghraif agat den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad! Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:

  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Tiernan Shaw, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
  • Ceol nua-aimseartha (aonair): Míchéal Konstantin, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Amhránaíocht thraidisiúnta agus clasaiceach: “Anaithnid”, Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath
  • Ceol nua-aimseartha (grúpaí): “Oíche Dhearg”, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Rince cruthaitheach: “Domhaintarraingt”, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach
  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): Ceoltóirí Reachrann (grúpa sinsir), Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
  • Drámaíocht agus mím: “Mairtíreacht Naomh Bhríde”, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
  • Ilchineálach: “Ceathrar leaids”, Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath
  • Duais na Moltóirí: “Zú”, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Na Céimeanna Tosaigh i dtreo Straitéis Inmharthana don Ghaeilge

Feabhra 8, 2011

Ag seimineár poiblí lae a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inné, labhair saineolaithe ó réimsí éagsúla na pleanála teanga Gaeilge, ar na céimeanna tosaigh ar gá a ghlacadh chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

Agus é ag labhairt ag an seimineár, dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil “sé tábhachtach go mbeadh an rannpháirtíocht lárnach atá molta d’Údarás na Gaeltachta soiléirithe go luath agus aontú ar bun faoi na pleananna atá i gceist i bhfeidhmiú na straitéise. Cé go bhfuil ról náisiúnta molta do Údarás na Gaeltachta agus Gaeilge, is ar bhonn Gaeltachta a fheidhmeoidh an eagraíocht go dtí go mbeidh na socruithe cuí déanta le feidhm náisiúnta a thabhairt dó”.

Labhair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ar an toradh atá anois le feiceáil ar an gcinneadh a ghlacadh sna 1970idí chun deireadh a chur leis an riachtanas do státseirbhísí Gaeilge agus Béarla a bheith acu agus dúirt gur “teip iomlán” a bhí sa bheart sin don Ghaeilge.  Luaigh sé cás na Roinne Oideachais agus Scileanna, a thug le fios le deireanas nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. “Ní haon eisceacht í an Roinn sin” a dúirt sé “ach tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.”

I láthair do dhíospóireacht idir na páirtithe polaitíochta ar cheisteanna na Gaeilge bhí, An tAire Pat Carey T.D., Fianna Fáil; Frank Feighan, TD., Fine Gael; Brian O’Shea, T.D., Páirtí an Lucht Oibre; Aengus Ó Snodaigh, T.D.,  Sinn Féin; agus Dominic Ó Brollcháin, CTR, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre.  I measc na gceisteanna a pléadh, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidmeanna Údarás na Gaeltachta.  

Ag eascairt as an seimineár is iad seo thíos na príomhéilimh á mbeidh á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:

An Ghaeltacht
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil  d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir.

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais
• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.

An Ghaeilge sa státchóras
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge.  Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Eascraíonn éilimh thoghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail.  Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”.   

Foilsithe ar Gaelport.com 04 Feabhra 2011

Gaelcholáiste organise mass meeting in Balbriggan Town Hall

Feabhra 8, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Martin: Fine Gael policy would lead to extinction of Irish language

Feabhra 8, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Kenny vows to make Irish optional

Feabhra 8, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Kenny’s move on Irish

Feabhra 8, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »