Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge i gCeatharlach

Feabhra 3, 2011

Mar chuid dá gcamchuairt timpeall na tíre beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Glór Cheatharlach ag eagrú seimineáir ghairmeacha dar teideal ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ do dhaoine óga san Ostán Dolmen i gCeatharlach ar an Déardaoin, 24 Márta 2011.

Beidh aoíchainteoirí ag labhairt ag an ócáid faoina dtaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun gairm bheatha Seo é an t-aonú seimineár déag dá shaghas atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas.  Tá na seimineáir dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge do dhaoine óga agus iad  ag dul i mbun a ngairme beatha. Mar chuid den seimineár cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoíchainteoirí labhairt. Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt faoi na deiseanna oideachais atá ann trí mheán na Gaeilge. Má tá spéis ag scoileanna freastal ar an ócáid seo is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár a fháil ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó glaoch a chur ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 6794780 nó rphost a chur chuig brighid@comhdhail.ie

The Nationalist – Glór Ceatharlach

Scléip – Buaiteoirí Babhta Ulaidh

Feabhra 3, 2011

Bhí Babhta Ulaidh againn i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an 1 Feabhra agus bhí 4 scoil linn ar an lá. Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, bhí iomaíocht den scoth ann agus tá moladh tuillte ag na rannpháirtithe uile a chur seó den scoth ar stáitse dúinn. Beimis ag súil go mór leis an Craobh Ceannais san Axis (i mBaile Munna, Baile Átha Cliath) ar an 2 Aibreán. Má tá grianghraif agat den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad! Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:

  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Áine Ní Fhlanagáin, Coláiste Oiriall, Muineachán
  • Ceol nua-aimseartha (aonair): Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
  • Amhránaíocht Traidisiúnta & Clasaiceach (Aonair & Grúpaí): Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): An Crann Óg, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
  • Ceol nua-aimseartha (grúpaí): Róisín Ní Dhuifinn & Seán Ó Coinne, Coláiste Feirste, Aontrom
  • Rince Cruthaitheach (Aonair & Grúpaí): Aoibheann Ní Mhuimhne, Coláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall
  • Drámaíocht agus mím: Eva Ní Dhoibhlinn & Ciarán Mac a Gheimhridh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
  • Comórtas Ilchineálach (Aonair & Grúpaí): Trí A, Coláiste Oiriall, Muineachán
  • Duais na Moltóirí: Rosie Nic Gairbheith, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall

Cuairteanna treoraithe chuig Iarsmalann Pháirc an Chrócaigh

Feabhra 2, 2011

Cuairteanna speisialata ar an Musaem agus ar Pháirc an Chrócaigh

Praghas Speisialta don chuairt ar an Musaem agus ar Pháirc an Chrócaigh roimh dheireadh Mhí na Márta 2011.

Bunleibhéal: €6 an duine mar bhall de ghrúpa.
Meánleibhéal: €7 an duine mar bhall de ghrúpa.

Tugann Eispéireas Pháirc an Chrócaigh deis faoi leith do dhaltaí scoile foghlaim faoi stair Chumann Lúthchleas Gael.

Is trí mhéan na Gaeilge a eagraítear na turasanna treoraithe seo.

Ionad Cluichí:  Tá réimse leathan cluichí ar fáil do na mic léinn, ar nós meaisín léimt, lána peile agus iománaíochta.

Áiseanna Lóin: Tig leat bia a fháil sa bhialann nó feidhm a bhaint as seomra faoi leith.

Bileoga Ghníomhaíochta: Chun cur le fiúntas oideachasúil na cuairte, cuirtear bileoga ghníomhaíochta ar fáil.  Is féidir na bileoga a íoslódáil ón suíomh www.crokepark.ie/gaa-museum.

Tuilleadh Eolais ach glaoch ar 01 8192323 / Ríomh phoist tours@crokepark.ie.

 

 

« Previous Page