Méid an Téacs

Troidfidh mé ar son na n-eagraíochtaí atá bunaithe anseo sa Tuaisceart: Ní Chuilín

Deireadh Fómhair 18, 2012

Níl sé soiléir an bhfaca Aire Cultúir, Ealaíón agus Fóillíochta an Tuaiscirt aon mholtaí nua ó Fhoras na Gaeilge maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge, ach dúirt an tAire, Carál Ni Chuilín, i bhfreagra a thug sí sa Tionól Dé Máirt na seachtaine seo caite nach bhfaca sí moltaí ar bith. Gheall sí, áfach, go dtroidfeadh sí “100%” ar son na n-eagras atá bunaithe ó Thuaidh. Bhí sí ag tabhairt freagra ar cheist ó Dominic Ó Brolcháin (SDLP). Bhain sin le scéal ar an Irish Times, mar ar cuireadh síos ar mholtaí nua ón bhForas. Sa scéal, dúradh go mbeadh sé cinn de ‘cheanneagraíocht’ ann agus iad uilig lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bheadh siad ábalta eagrais eile a earcú mar fochonraitheoirí.

D’iarr an Brolchánach ar an Aire an mbeidh sí ábalta a dheimhniú nach rachadh na moltaí nua “chun dochair d’eagraíochtaí Gaeilge anseo sa Tuaisceart agus go seasfadh sí an fód do na heagraíochtaí sin?” Dúirt an tAire gur sa cheist a chead chuala sí faoin scéal ar an Irish Times. Ní fhaca sí moltaí ar bith ón bhForas go dtí seo. “Deimhním 100% go dtroidfidh mé ar son na n-eagras atá bunaithe anseo sa Tuaisceart,” ar sise. “In amanna, tá freastal ar riachtanais na n-eagras maoinithe mar chuid den fhreastal ar riachtanais na hearnála, nó ní thig leat freastal a dhéanamh gan acmhainn ar an talamh… Déanfaidh me cinnte go mbeidh na socruithe maoinithe iomlán ionadaíoch, go ndéanfaidh siad freastal ar achan duine ar an oileán, agus nach mbeidh siad claonta i dtreo dhream amháin, ar aimhleas agus díobháil daoine eile.”

Dé hAoine seo caite, chuir Gaelscéal ríómhphost chun na Roinne ag fiosrú an raibh moltaí ón bhForas feicthe ag an Aire faoi sin. Go mall tráthnóna Dé Luain, chuir urlabhraí freagra chugainn. Duirt sé gur cuireadh cás gnó chomh maith le moltaí fá choinne cuíchóiriú an bhunmhaoinithe chuig Státseirbhísígh sa dá roinn urraithe. (An Roinn Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta). “Tá feidhmeannaigh anois ag scrúdú na moltaí seo, an breithmheas eacnamaíochta agus fírinniú an rogha is dealraithí,” arsa an t-urlabhraí. Meastar go bpléifear na moltaí ag an gcéad chruinniú eile de Shruth Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Tá sin le bheith ann an 12ú lá de mhí na Nollag. Níos luaithe i mbliana, shocraigh an Foras gan dul ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, ach is léir nach bhfuil deireadh le conspóid maidir le cursaí maoinithe.

www.gaelsceal.ie

Ceisteanna don Chrann Taca

Deireadh Fómhair 18, 2012

Reáchtálfar Tráth na gCeisteanna Boird i dTigh Chualáin in Indreabhán san oíche amárach, Dé hAoine 19 Deireadh Fómhair, ar mhaithe leis an gCrann Taca, an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh.

Cuirfear tús leis an oíche ag 8.30i.n. agus rachaidh an brabach ar fad i dtreo costais riaracháin na háite. Tá an ócáid á reáchtáil ag Coiste Tacaíochta an Ionaid agus tá duaiseanna maithe agus oíche den scoth geallta. Tá an coiste seo gníomhach le tamall anuas agus arís ar maidin Domhnaigh, 21 Deireadh Fómhair, tá maidin caifé agus díolachán cácaí á eagrú acu, ócáid a bheidh ar siúl sa Chrann Taca ó 11.30r.n. ar aghaidh agus tá fáilte roimh chách.

www.advertiser.ie

Baboró shows as Gaeilge

Deireadh Fómhair 18, 2012

VERY YOUNG children will be kept entertained, engaged, amused, and be opened up to both theatre and the Irish language with a variety of shows at the Baboró festival.
Graffiti Theatre Company will stage An Fear Siúil (Walking Man) by Jody O’Neill, for children aged six to nine in the Town Hall Studio today at 10.15am and 12.15pm. Walking Man has spent his whole life in pursuit of success. He has always rushed headlong through life, determined to follow in his father’s footsteps to the best job on the top floor of the tallest building in the whole city. Yet once he achieves all this, he still feels unfulfilled and must go on a new journey. Irish Theatre Magazine has praised the production for its “subtlety and sophistication…a production of magic and wonder”. The Gombeens – actor and comedians duo of Miquel Barcelló and Jonathan Gunning – will present Spraoi in the Druid Lane Theatre on tomorrow at 11am and 3pm.

This show is performed in Catalan and as Gaeilge. It is about two boys who arrive at the same place at the same time and but do not understand what they should do. Neither speaks the same language and one likes to play by the rules while the other does not. They must learn how to communicate with each other so they can play together. Spraoi is directed by Marc MacLochlainn. The is for children aged between three and six. Places are limited. Púca Puppets will stage Tic Teac Tic Teac, written and performed by Niamh Lawlor in the Town Hall Studio tomorrow (10.30am and 3.30pm); Saturday (11.30am and 3.30pm); and Sunday (11.30am and 1pm) in the Town Hall Studio. The show is for three to six year olds. Tic Teac Tic Teac is a celebration of a child’s journey ón ghiniúnt go dtí an chéad lá scoile – from conception to the schoolroom. It uses handmade puppets and a special clock mat the children help assemble. Irish Theatre Magazine said the show keeps children “engaged and entertained for near on 45 minutes. Short but sweet.”

For more information and tickets contact the Town Hall on 091 -569777 or www.tht.ie or see www.baboro.ie

www.advertiser.ie

Minister unveils funding scheme during school visit

Deireadh Fómhair 17, 2012

UPPER Bann MLA and Education Minister John O’Dowd announced a £230,000 funding scheme to encourage people to develop Irish language skills during a visit to St John the Baptist Primary School in Portadown last week.

The Minister was accompanied by Culture Minister, Carál Ní Chuilín, whose Department of Culture, Arts and Leisure is aligned to language funding scheme via the Liofa initiative and the draft Irish language strategy. The scheme aims to offer additional funding to existing extended school cluster groups to wish to run Irish language programmes. Mr O’Dowd told pupils and teachers, “The Irish language is an integral part of our rich and shared heritage and my department has a statutory duty to encourage and facilitate the development of Irish-medium education. One of the recommendations arising from the review of Irish-medium education was that my Department should encourage and support informal opportunities for learning Irish through the Extended Schools Programme and increase access to those not currently accessing Irish-medium education.

“In the Portadown Extended School cluster, St John the Baptist partners with seven other schools to offer a varied and diverse range of activities. I am particularly pleased to see that they are offering a number of programmes for parents. There is an increasing recognition of the vital role that parents play in helping and encouraging their child in his or her learning. The community at St John’s is an excellent model of how parents can get involved in their child’s education and I am delighted to see evidence of the value this community places on education. “All existing extended school cluster groups will be able to apply for additional funding to provide programmes that will encourage children to develop their skills in the use of Irish and to also provide support for parents who wish to develop their own key Irish literacy and numeracy skills.”

The Education Minister added, “I am making £230,000 available this year, with the intention of continuing the funding for the next two years. This will depend on the interest shown and the progress that is made on the ground. The programme will support my department’s over-arching goal of raising standards for all, closing the performance gap and increasing access and equity. Funding will also be provided to support programmes aimed at communities who wish to develop Irish language skills that can be more widely used at home or in the workplace.”

www.portadowntimes.co.uk

An Béarla chun cinn i scoileanna Gaeltachta?

Deireadh Fómhair 16, 2012

Tá neart plé cruthaithe ag ábhar ailt de chuid Mháire Uí Fhinneadha a foilsíodh in iris Comhar an mhí seo caite.

Conair na nDriseacha is ea teideal an ailt ina ndéanann an múinteoir meánscoile plé ar chaighdeán agus ar stádas Gaeilge na gcainteoirí dúchasacha i scoileanna Gaeltachta agus go háirithe an choimhlint atá ann, dar léi, idir riachtanais na ndaltaí scoile i leith na Gaeilge agus easpa cumais nó modh múinte.

Dar le Ní Fhinneadha, ní hamháin nach bhfuil forbairt á dhéanamh ar Ghaeilge na gcainteoirí dúchasacha nuair a shroichtear aois scoile ach déanann an córas reatha Gaeilge na bpáistí a chreimeadh.

De réir an ailt, i bpobail láidre Ghaeltachta ina bhfuil 80% ina gcainteoirí dúchasacha, ní bhíonn ach 24% d’aos óg na bpobal sin ag comhrá as Gaeilge lena gcomhaoisigh. Anuas air sin, as an 41% den phobal a labhair Gaeilge lena gcomhaoisigh sna naíonáin, ní raibh sé mar nós ach ag 24% a leithéid a dhéanamh faoin am gur shroicheadar rang 6. “Caitheann múinteoirí Gaeltachta a gcuid fuinnimh agus a gcuid ama ag múineadh Gaeilge do na Béarlóirí” a deir Ní Fheinneadha agus is cosúil go n-aontaíonn na heagrais oideachais Ghaeltachta le buntuairim an ailt.

Pléadh an t-ábhar ar chlár raidió Iris Aniar an tseachtain seo caite inar luaigh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) nach bhfuil áis traenála sa tír a chuireann oiliúint iomlán ar mhúinteoirí bunscoile trí mheán na Gaeilge agus leis sin, níl múinteoirí nach bhfuil ina gcainteoirí dúchasacha in ann freastal ar riachtanais teanga na ndaltaí ag a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga.

Glactar leis gur fadhb ollmhór é easpa oiliúna na múinteoirí agus gur míbhuntáiste do chainteoirí dúchasacha é, idir Ghaeilge labhartha agus shaibhreas teanga, a bheith i measc daltaí gan Ghaeilge má dhírítear ar easpa Gaeilge na ndaltaí sin le linn an lae scoile. Ach tá iarrachtaí á ndéanamh ar staid na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta a fheabhsú. Cheadaigh an Roinn Gaeltachta €762,378 i mí Mheán Fómhair le haghaidh Scéim na gCúntóirí Teanga sa Ghaeltacht don scoilbhliain 2012/13, €150,000 sa bhreis ar dheontas na bliana seo caite.

Is iad Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a sholáthraíonn seirbhís na gcúntóirí teanga agus mar fhorbairt ar an tseirbhís reatha, táthar ag súil le béim a chur ar shaibhreas teanga na ndaltaí as seo amach. Anuas air sin, roghnaíodh trí scoil le déanaí a bheidh mar chuid de scéim phíolótach ina mbeidh scéim teanga á cur i bhfeidhm sa chlós scoile, ag díriú ar Ghaeilge labhartha na ndaltaí i measc a chéile a chur i bhfeabhas.

Aithnítear ról an tumoideachais i leith dhul chun cinn na Gaeilge freisin agus cé go nglactar leis go bhfuil an tumoideachas ag feidhmiú go héifeachtach sna Gaelscoileanna ach dar le Muireann Ní Mhóráin, níl an bhéim chéanna air sna scoileanna Gaeltachta toisc go gcaithfear freastal ar lucht an Bhéarla, rud nár cheart a bheith faoi chúram na scoile. “Níl freagracht ar scoil freastal ar gach páiste, tá freagracht ar an gcóras” a dúirt sí. Agus is léir gur ar an gcóras a chuirtear an locht.

Ní chuireann an Rialtas oiliúint oiriúnach ar mhúinteoirí Gaeltachta agus anuas air sin, níl polasaí ann maidir le stádas na Gaeilge i nGaelscoileanna ná i scoileanna Gaeltachta. Níl polasaí fiú ó thaobh an tumoideachais ag an Roinn agus dar le Treasa Ní Mhainnín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, tá ESG ag impí ar an Roinn glacadh leis an tumoideachas mar pholasaí Stáit le blianta anuas. De réir thaithí ESG i leith chur i bhfeidhm an tumoideachais, glacann sé neart ama ar roinnt scoileanna glacadh leis an modh múinte agus is cosúil go bhfuil baint ar leith ag easpa pholasaí an Stáit ar an ábhar leis an moill. “Bíonn na scoileanna féin ag lorg soiléiriú maidir le seasamh na Roinne Oideachais ar an ábhar seo”, a dúirt Treasa Ní Mhainnín le linn an phlé ar Iris Aniar an tseachtain seo caite. Dar léi tá dréacht-teimpléad an-chuimsitheach curtha le chéile ag ESG mar thoradh ar sheisiúin eolais agus ceardlanna a reáchtáladh i dtaobh an tumoideachais agus go mbeidh sé á sheoladh chuig na scoileanna sna míonna romhainn.

Ach dar le Máire Ní Fheinneadha níl ann ach réiteach amháin ar fhadhb phráinneach na Gaeltachta. Mar a deir sí san alt as a dtáinig an plé ar fad: ‘Caithfear dún daingean a dhéanamh de gach scoil Ghaeltachta. Níor cheart gur seomra dátheangach é aon seomra ranga Gaeltachta. Caithfear díriú go sainiúil ar na cainteoirí dúchais’.

Foilsithe ar Gaelport.com

Seoladh Oifigiúil: Céim Chun Tosaigh

Deireadh Fómhair 16, 2012

Tá fáilte roimh chách bheith i láthair nuair a sheolfar DVD úr, ‘Céim Chun Tosaigh’ de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Chomhar na Múinteoirí Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn.

Is é ‘Céim Chun Tosaigh, ag obair le Gaeilge’ an dara cuid de shraith DVD a bhaineann le foghlaim agus le cur chun cinn na Gaeilge sa tsraith shinsearach ag an dara leibhéal. Seoladh Cuireadh Chun Cainte, treoir phraiticiúil do Bhéaltriail na hArdteiste, an tráth seo anuraidh agus cuireadh an pacáiste gairmthreorach seo le chéile mar ábhar tacaíochta ag leanúint uaidh.

Oibríonn ‘Céim Chun Tosaigh’ mar thaca do mhúinteoirí Gaeilge agus mar fhoinse eolais do dhaltaí sa tsraith shinsearach, a léiríonn nach gá gurb í an Ardteist an teagmháil deiridh a bheidh acu leis an nGaeilge. Agus é ag freastal ar 32 contae, dírítear ar earnálacha ilghnéitheacha le gur féidir dul i bhfeidhm ar gach dalta le réimse leathan gairmeacha.

Curtha i láthair ag Ciarán Ó Conghaile agus Sibéal Davitt, cloisimid scéal beathaisnéise ó aisteoir, ealaíontóir, preas-oifigeach san arm, múinteoir ríomhaireachta, dlí-theangeolaí, ateangaire, tuairisceoir nuachta, múinteoir Gaeilge thar lear, stiúrthóir naíonra, agus múinteoir surfála ar chuidigh an Ghaeilge go mór leo spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach ó thaobh gairme de.

Is í an craoltóir de chuid BBC agus TG4, Lynette Fay, a sheolfaidh an DVD go hoifigiúil ag 5.00pm ar an Aoine 2 Samhain ag Seomra Glendowan, Óstan Mount Errigal. Taispeánfar an clár iomlán mar chuid den seoladh agus cuirfear deochanna agus sólaistí ar fáil. Beidh an clár ar fáil amach anseo ar YouTube, mar DVD agus mar chlár teilifíse ar TG4.

Déjà vu: Múnla Nua Maoinithe Eile d’eagrais Ghaeilge

Deireadh Fómhair 16, 2012

Ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge ar an 28 Meán Fómhair, rinne Bord an Fhorais múnla nua maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge a fhaomhadh, agus cuirfear an múnla seo os comhair cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ag tús mhí na Nollag.

Bhí múnla eile maoinithe beartaithe ag Foras na Gaeilge níos túisce i mbliana, An tSamhail Nua Mhaoinithe, ach caitheadh sin sna traipisí ag cruinniú de Bhord an Fhorais ar an 29 Meitheamh 2012, tar éis don phobal agus do Chomhchoiste Oireachtais an tsamhail sin a cháineadh go láidir.

Tá an cuíchóiriú ar na 19 n-eagraíocht dheonacha Gaeilge, atá idir lámha ag Foras na Gaeilge ó 2008, ina cnámh spairne idir iad agus na heagrais ó shin i leith. Tá na heagrais fós den tuairim nár tugadh faoi aon taighde ar obair na n-eagras sa tréimhse ceithre bliana sin, agus gur gá don Fhoras tuiscint chruinn a fháil ar obair na n-eagras sular féidir leo múnla nua a dhréachtú. Dar leis an bhForas go bhfuil siad ag leanúint threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, agus go bhfuil siad faoi bhagairt ama dá bharr, agus gur gá teacht aníos le múnla nua roimh lár na bliana seo chugainn, tráth a bhfuil an tua le titim agus deireadh á chur le bunmhaoiniú na n-eagras deonach.

Cé go bhfuil diúltaithe ag Foras na Gaeilge aon ábhar i scríbhinn a chur ar fáil go dtí seo maidir leis an múnla nua maoinithe, tuigtear go mbaineann an múnla nua seo le comhpháirtíochtaí a fhorbairt le roinnt eagraíochtaí chun roinnt mór-réimsí oibre straitéiseacha a thabhairt chun cinn. Is cosúil gur roghnaigh Foras na Gaeilge na mór-réimsí oibre seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, na Dréacht-Straitéise le Forbairt na Gaeilge a Chosaint agus a Fheabhsú ó thuaidh agus Acht na Gaeltachta 2012.

Tuigtear gurb iad seo a leanas na príomhréimsí atá roghnaithe ag an bhForas faoi láthair, ach nach bhfuil siad seo greanta i gcloch.

• Gaeloideachas
• Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’Aosaigh
• Forbairt Pobail
• Forbairt Gréasáin agus Deiseanna Úsáide Gaeilge don Óige
• Imeachtaí Tacaithe agus Úsáide Gaeilge
• Ardú Feasachta Teanga agus Cosaint Teanga, Caidreamh leis an 2 stát

Is ar bhonn croímhaoinithe a bheadh na réimsí oibre á maoiniú, agus bheadh de chead ag na príomheagraíochtaí conarthaí seirbhíse a bhronnadh ar eagrais eile do thréimhse nach fada ná 18 mí. Ní bheadh Foras na Gaeilge ag súil go mbeadh aon chonarthaí seirbhíse fós i bhfeidhm tar éis Eanáir 2015, agus faoin am seo go mbeadh pé taithí, saineolas nó acmhainní a bheadh de dhíth ar fáil laistigh de na sé phríomheagraíocht.

Tuigtear nach bhfuil cuireadh faighte ag aon cheann de na heagrais a fheidhmíonn i dTuaisceart Éireann amháin chun plé a dhéanamh le Foras na Gaeilge ar fheidhmiú mar phríomheagraíocht in aon cheann de na sé réimse.

Scríobh An Fóram, atá ionadaíoch ar 15 as 19 de na heagrais dheonacha bhunmhaoinithe, chuig an bhForas an tseachtain seo caite, agus ag éileamh cruinniú práinne le Foras na Gaeilge chun soiléiriú a fháil ar an múnla nua atá faofa anois ag an mBord.

Foilsithe ar Gaelport.com

Leabhar gleoite do phaistí le buachan

Deireadh Fómhair 16, 2012

An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine dhá leabhar ghleoite do ghasúir atá foilsithe ag Comharchumann Forbartha an Leith-Triúigh a bhuachan.

Rugadh agus tógadh an t-údar Máiréad Mag Uidhir i Luimneach. Chaith sí a saol ag múineadh ina cathair dhúchais, ag teagasc leanaí le Riachtanais Speisialta i Scoil Naomh Iosaf i Lios na Groí ar dtús agus ina dhiaidh sin ar feadh tríocha bliain i Scoil Íde, Corrbhaile. Is leabhar beag álainn do pháistí é ‘Sicín’. Tá scéal iontach ann faoi ghearrchaigh bheaga atá ar tí an nead a thréigean. Tá trí cinn de ghearrchaigh ann ar fad: Mattie, Jenny agus Tiny. Tarlaíonn na heachtraí sa scéal ar an Lá Speisialta a bhfuil na héin bheaga chun dul ag eitilt agus an nead a fhágáil den chéad uair ina saol. Is é Tiny laoch an scéil. Ceapann gach aon duine nach bhfuil sé cróga go leor chun dul ag eitilt as a stuaim féin ach cuireann sé an dubh ina gheal orthu go léir!

Is laochscéal beag deas é seo do pháistí san aoisghrúpa 4 – 8. Is scéal simplí, greannmhar dea-scríofa é faoi conas is féidir snámh in aghaidh an tsrutha agus tá ceacht tábhachtach le foghlaim ann: is féidir le gach duine a bheith ina laoch sa saol má tá sé/sí cróga go leor. Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí deasa, daite ag Mary agus Emma Gilleece. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach sa rang do pháistí bunscoile san aoisghrúpa 4 – 8.

Ceist na seachtaine seo: Ainmnigh údar an leabhair ‘Sicín’?

• Éilís Ni Dhuibhne
• Ríona Ní Congáil
• Máiréad Mag Uidhir
• Anna Heussaff

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 25 Deireadh Fómhair 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Táimid fíorbhuíoch do Chomharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teoranta a bhronn an duais iontach seo orainn. Comhghairdeas le Pilib O Duinn a bhuaigh cóip den leabhar Cruinnscríobh na Gaeilge san eagrán seo caite.

Foilsithe ar Gaelport.com

Córas iomlán éagsúil beartaithe do chlár an Teastais Shóisearaigh

Deireadh Fómhair 16, 2012

Fógraíodh an tseachtain seo caite go ndéanfar leasú mór ar an Teastas Sóisearach a thiocfaidh i bhfeidhm do mhuintir na chéad bhliana 2014.

In áit chúrsa reatha an Teastais Shóisearaigh atá bunaithe ar chlár a fhoghlaimítear de ghlanmheabhair, measúnófar obair na mac léinn ar bhonn leanúnach. D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn go mbronnfar suas le 40% de mharcanna ar obair scoile agus an chuid eile ar aistí a thabharfar isteach sa rang.

De réir an chórais nua, tabharfaidh mic léinn faoi 8 n-ábhar ar a laghad agus 10 n-ábhar ar a mhéid idir ábhair thraidisiúnta agus ‘chúrsaí gearra’ mar shampla an tSínis, an Corpoideachas nó Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. Beidh clár na sraithe sóisearaí faoi chinneadh na scoile agus déanfar a rogha ábhar agus cúrsaí gearra a fhreastalóidh ar riachtanais áirithe mhic léinn na scoile sin a chur ar fáil.. Soláthróidh an Roinn Oideachais réimse leathan ábhar mar ‘cúrsaí gearra’ agus beifear ag súil go roghnóidh scoileanna réimse leathan ábhar a dhéanfaidh cumas agus smaointeoireacht na mac léinn a fhorbairt. Táthar ag súil go mbeidh mic léinn, seachas na scrúduithe, ag croílár chur chuige mheasúnú an Teastais Shóisearaigh leasaithe.

Beidh an Ghaeilge, an Béarla agus an Mhatamaitic mar chroí-ábhair faoin gcóras nua agus fógraíodh go mbeidh an Eolaíocht ina croí-ábhar sa bhliain 2016. Scrúdófar an Ghaeilge, an Béarla agus an Mhatamaitic ag ardleibhéil agus gnáthleibhéal agus ní bheidh ach leibhéal comónta i gceist do gach ábhar eile. Beidh Coimisiúin na Scrúduithe Stáit bainteach le measúnú na gcroí-ábhar le linn na mblianta tosaigh mar gheall ar ról lárnach na n-ábhar sin i leith cúrsaí litearthachta agus uimhearthachta. Táthar ag súil go bhfeabhsóidh caighdeán litearthachta agus uimhearthachta dhaltaí scoile na hÉireann faoin gcóras nua.

Cuireadh fáilte mheasartha roimh na leasuithe atá beartaithe don Teastas Sóisearach go háirithe maidir leis an réamhchleachtadh don Arteist atá i gceist sa Teastas Sóisearach. Ach an t-ábhar ba chonspóidí maidir leis an leasú mór ná moladh na Roinne gurb iad na múinteoirí scoile a bheidh i mbun an mheasúnaithe leanúnaigh. Ach dar leis an Aire Oideachais, ní ábhar conspóide atá i gceist leis na leasuithe atá beartaithe ag an Roinn.

“Ní bhaineann sé seo lenár gcuid scoileanna, mac léinn agus múinteoirí bheith ag déanamh tuilleadh oibre sa timthriall sóisearach. Baineann sé le hiad a bheith ag déanamh rudaí ar bhealach difriúil. Tá na múinteoirí ag déanamh an-jab cheana féin, ach is minic a bhíonn siad srianta leis na mbrú chun múineadh de réir na tástála. Saoróidh an timthriall sóisearach nua leasaithe múinteoirí agus a gcuid mac léinn”, a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com

Borradh Buan san Axis 2012

Deireadh Fómhair 16, 2012

Don naoú bliain as a chéile reáchtálfar an fhéile Ghaeilge agus dhátheangach ‘Borradh Buan’, in amharclann an Asix i mBaile Munna.

Reáchtálfar imeachtaí na féile idir 15 agus 27 Deireadh Fómhair 2012. Tá fás mór tagtha ar an bhféile seo i mbliana le breis imeachtaí idir cheol beo, dhamhsa, amharclannaíocht, phuipéadóireacht, scéalaíocht agus neart eile do gach duine idir óg agus aosta. Ar cheann de na bhuaicphointí atá luaite ar chlár na féile, tá seisiún ceol speisialta ‘Briseann an Dúchas’ le Ray Yeates agus a mhac, Macdara. Beidh sé seo ar súil ar an 16 Deireadh Fómhair. Dírithe ar dhaoine óga beidh dráma ‘Salomé’ le Cathal Ó Searcaigh ar siúl ar an 23 Deireadh Fómhair. Beidh ‘Kiddi Craic’ ar siúl le haghaidh paistí óga ar 15 Deireadh Fómhair, áit a ndíreofar ar an gceol agus ar an rince do pháistí agus do naíonáin. Don aoisghrúpa 3-6 bliana beidh ‘Spraoi’ le Branar ar siúl, drámaíocht as Gaeilge agus as Catalóinis ar an 17 Deireadh Fómhair.

Ar an 26 Deireadh Fómhair beidh oíche filíochta agus gearrdhrámaí le Samuel Beckett ‘Ag Taibhreamh ar an nGrá’ ar siúl agus iad seo aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Beidh Geraldine Plunkett, Peadar Lamb agus Marcus Lamb ag aisteoireacht ann sa ghearrdráma seo. Beidh ceoldráma bunaithe ar an seanscéal Clann Tuireann atá scríofa ag David Sheehan agus Aideen Mc Bride curtha i láthair mar cheoldráma le ceoltóirí agus le hamhránaithe ó gach cearn den tír. Beidh an ceoldráma seo atá oiriúnach don chlann ar fad ar siúl oíche Shathairn an 27 Deireadh Fómhair. “Le Linn na bliana gach bliain tá Axis tiomnaithe d’fhorbairt agus láithreoireacht de shaothair nua, i nGaeilge agus go dátheangach le haghaidh lucht féachana ag gach uile aois”, a deir Niamh Ní Chonchubhair, Clárbhainisteoir Axis.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo nó ó Amharclann an Axis, Baile Munna 01 8832100

Facebook https://www.facebook.com/axisballymun
Twitter: @axisBallymun @BurradhBuan

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »