Méid an Téacs

Óráidithe óga ag treabhadh chun cinn i ndíospóireachtaí Ghael Linn

Feabhra 5, 2013

Bhain dhá scoil éachtaí móra amach ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain a bhí ar siúl I gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2013.

Dea-scéal a bhí ann d’fhoireann Choláiste Eoin a ndeachaigh i gcoinne foirne ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis sa chraobh sóisearach agus a chroch leo an corn. Ba é an rún a bhí á phlé ná ‘Tá an stát seo rófhlaithiúil lena chúnamh don tríú domhan.’

I gcraobh na sinsear, ba é foireann de chuid Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua (Fionnuala de Bhailís, Síofra Ní Shé agus Muireann Ní Fhatharta) a roghnaíodh mar fhoireann bhuaiteach an chomórtais faoin rún díospóireachta: ‘Tá mórchinntí an rialtais seo ar leas an náisiúin’.

Chuaigh foirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath i gcoinne a chéile ach ar deireadh chuaigh an corn go Gaillimh.

Bronnadh corn agus duais €1,000 ar na foirne buaiteacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.

Chomh maith leis sin, tugadh cuireadh d’fhoireann Choláiste Eoin, buaiteoirí an chomórtais shóisearaigh páirt a ghlacadh san fhéile cainte i ‘Ri Chéile’’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba.

Iarchainteoirí sa chomórtas den chuid is mó a bhí sna moltóirí a bhí ar an bpainéal – An Dr. Róisín Ní Ghairbhí, Liam Mac an Mhaoir, Kevin de Barra, Máire Mhic Mhathuna agus an Dr. Regina Uí Chollatáin.

Is é an an Seanadóir Ó Clochartaigh a bhí mar aoichainteoir ar an oíche agus a thug ardmholadh do na foirne uilig. Thagair sé don ghéarchéim eacnamaíoch ina chuid cainte ach mhol sé a bheith dóchasach faoin todhchaí ainneoin na gcúrsaí a chuireann imní ar phobal na tíre faoi láthair.

Ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite ar fud na tíre.

Foilsithe ar Gaelport

Oíche clárúcháin do ranganna Gaeilge, Baile Locha Riach

Feabhra 5, 2013

Ranganna Gaeilge Feabhra 2013

“Seilbh caillte ag an bpobal” ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Feabhra 5, 2013

“Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cailliúint ag an bpobal,” dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Bhí an Straitéis á plé go mion ag mic léinn agus ag ionadaithe ó ghrúpaí pobail ag ollchruinniú Chonradh na Gaeilge san Óstán Menlo i gcathair na Gallimhe, De hAoine 01 Feabhra 2013.

Ag labhairt ag an gcruinniú bhí an t-iriseoir Harry McGee ag plé cúrsaí Dála agus na bealaí ina imríonn grúpaí abhcóideachta tionchar ar pholasaithe an rialtais. Ba é Ceannasaí Ghlór na nGael Lorcán Mac Gabhann (ar chlé) a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos.

Chomh maith leis sin. léiríodh díomá ag an gcruinniú maidir le cinneadh na Roinn Oideachais agus Scileanna An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur “ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu” a bhí sa chinneadh sin.

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2013

Feabhra 5, 2013

Reáchtálfar Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta De hAoine, 15ú Márta 2013 i gColáiste Feirste – tuilleadh sonraí le theacht ar www.comhairle.org gan mhoill.

« Previous Page