Dianchúrsa Gaeilge do mheánmhúinteoirí – saor in aisce!
Iúil 2, 2015
An múinteoir thú i meánscoil Ghaeltachta nó lán-Ghaeilge? An mbíonn deacrachtaí agat agus tú ag iarraidh gnéithe teicniúla nó coincheapa casta a mhúineadh trí mheán na Gaeilge? An mbíonn tú de shíor in amhras faoi cheisteanna gramadaí nó an bhfuil tú go díreach ag iarraidh a bheith níos muiníní agus tú i mbun cumarsáide le daltaí, le do chomhghleacaithe agus le tuismitheoirí? Tá cabhair ar fáil duit an samhradh seo, a bhuíochas do COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) agus do Ghaelchultúr!
Beidh Dianchúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí in Iar-Bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr idir 10 agus 14 Lúnasa i gColáiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh. Tá an cúrsa seo á eagrú ag Gaelchultúr agus ag COGG ó bhí 2009 ann.
Tá an cúrsa á mhaoiniú ag COGG agus tá sé ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna Gaeltachta nó lán-Ghaeilge. Chun áit a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil is féidir ríomhphost a chur chuig eolas@cogg.ie nó glaoch ar (01) 634 0831.
Díreofar sa sainchúrsa cúig lá seo ar an saghas teanga a úsáideann múinteoirí ar bhonn laethúil, is é sin frásaí agus stór focal is féidir a úsáid nuair a bhítear ag plé le daltaí sa seomra ranga agus timpeall na scoile, le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí.
“Tá an cúrsa á reáchtáil againn le sé bliana anois agus tá an-rath ar fad air,” a deir Deirdre Nic Chárthaigh, Riarthóir Acadúil Ghaelchultúir. “Ón aiseolas atá faighte againn ó na múinteoirí, is léir go dtaitníonn ábhar agus leagan amach an chúrsa go mór leo. Bíonn béim ann ar theanga laethúil na scoile, ach féachtar freisin le cabhrú leis na múinteoirí éirí níos eolaí ar an téarmaíocht a bhaineann lena gcuid sainábhar féin. Dírítear freisin ar na hacmhainní éagsúla atá ar fáil chun obair an mhúinteora a éascú – go háirithe na hacmhainní ar líne. Ar an iomlán, is cúrsa thar a bheith praiticiúil é agus tugann sé níos mó muiníne do mhúinteoirí agus iad i mbun teagaisc trí mheán na Gaeilge.”
Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thabharfaidh a lán deiseanna do na rannpháirtithe cleachtadh a dhéanamh ar an méid a bheidh múinte dóibh.
Cuirfear seisiún speisialtóireachta ar fáil maidir le príomhábhar gach múinteora (seachas teangacha). Déanfar gach iarracht freastal ar an dara hábhar ach ní bheifear ábalta é sin a dhéanamh i ngach cás.
Díreofar freisin ar na gnéithe is lárnaí agus is úsáidí de ghramadach na Gaeilge, e.g. aimsirí an bhriathair, réamhfhocail shimplí, forainmneacha réamhfhoclacha, inscne ainmfhocal/na tuisil, daoine agus rudaí a chomhaireamh, dátaí agus orduimhreacha, agus an modh ordaitheach. Úsáidfear cluichí agus comórtais chun an fhoghlaim a dhéanamh níos spreagúla agus níos éifeachtaí. Sna seisiúin ina mbeidh an bhéim ar theicneolaíocht an eolais foghlaimeoidh na múinteoirí conas an leas is fearr a bhaint as acmhainní ar líne (e.g. foclóirí ar líne, bunachair sonraí agus irisí ar líne) agus faoi na bogearraí éagsúla a chabhróidh leo agus iad ag múineadh nó ag ullmhú ceachtanna trí Ghaeilge.
http://www.gaelchultur.com/ga/newsletters/NewsletterArticle.aspx?id=441
Breis agus 200 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta faighte ag an Roinn Oideachais
Iúil 2, 2015
Os cionn 200 aighneacht a bhí faighte tráthnóna inné ag an Roinn Oideachais maidir lena dréachtpholasaí Gaeltachta.
Tá go dtí an Aoine bheag seo, an 3 Iúil, ag an bpobal aighneachtaí a chur faoi bhráid na Roinne maidir leis an tsraith moltaí don oideachas Gaeltachta a fógraíodh ag tús mhí na Bealtaine.
Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i bhfreagra ar cheist Dála Dé Máirt go raibh breis agus 100 aighneacht faighte ag a roinn faoin dtráth sin, ach thug urlabhraí ón Roinn Oideachais le fios tráthnóna inné go raibh an méid céanna aighneachtaí arís faighte ó shin acu.
Thug an tAire Oideachais le fios go mbeadh a polasaí oideachais nua don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.
Roimhe sin, cuirfear sraith grúpaí fócais ar bun i Meán Fómhair chun tuilleadh scagadh a dhéanamh ar na moltaí agus eagrófar fóram speisialta i mí Dheireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar na tuairimí agus na moltaí a tháinig chun tosaigh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí.
Mar chuid den phróiseas sin, eagraíodh cruinnithe poiblí cheana féin i gCiarraí, sa Ghaillimh agus i nDún na nGall.
D’eagraigh an eagraíocht Tusmitheoirí na Gaeltachta sraith chruinnithe chomh maith i gConamara. I ráiteas ón eagraíocht sin dúradh gurbh é “an pointe is suntasaí a tháinig ó na cruinnithe seo ná go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí an oiread suirbhéanna agus aighneachtaí chun cinn agus is féidir”.
Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.
Tugadh suntas ar leith d’fhógairt na moltaí mar gurb é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a d’aithin an Roinn Oideachais go hoifigiúil go bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad agus go bhfuil gá dá réir le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.
Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.