Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil Charman, Loch Gharman

Bealtaine 27, 2015

Sonraí ar fáil ag:  http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/20271/

Amhras mór faoina bhfuil i ndán don scrúdú béil don Teastas Sóisearach

Bealtaine 27, 2015

Tá amhras mór faoina bhfuil i ndán don scrúdú béil don Teastas Sóisearach de thoradh an tsocraithe faoi mheasúnú scrúduithe atá déanta ag an Aire Oideachais le ceardchumainn na múinteoirí.

Is léir ó ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie nach bhfuil sé i gceist faoin socrú nua scrúdú béil foirmeáilte a chur ar bun don Teastas Sóisearach agus go bhfuil ceist mhór anois ann an leanfar leis an scrúdú béil roghnach mar atá.
Faoin socrú a chuir deireadh leis an gconspóid faoi mharcáil an Teastais Shóisearaigh, ní bheidh mar chuid den mheasúnú stáit a dhéanfar ar dhaltaí feasta ach scrúdú scríofa dhá uair an chloig.

Beidh dhá thasc eile le déanamh ag daltaí an Teastais Shóisearaigh, ach ní dhéanfar measúnú Stáit ar an dá thasc sin. Rachaidh torthaí na dtascanna inscoile seo díreach chuig tuismitheoirí agus daltaí agus gan aon bhaint ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit leo.

Faoi láthair, tá rogha ag scoileanna scrúdú béil a dhéanamh ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus tá méadú mór tagtha n imeacht na mblianta ar líon na múinteoirí a roghnaíonn a leithéid, go háirithe ó cinneadh 40% de mharacanna na hArdteiste a chur ar leataobh don scrúdú cainte.

Cé gur scrúdú roghnach atá i gceist ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh faoi láthair, téann an marc a fhaigheann daltaí – suas le 40% – a roghnaíonn an scrúdú béil ar aghaidh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus áirítear é mar chuid den mheasúnú Stáit.

Ach tá an chuma ar an scéal faoin socrú nua gur ísliú stádais atá i ndán don bhéaltriail ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh ó tharla gur tascanna inscoile iad an dá thasc eile a luaigh an Roinn le Tuairisc.ie.

Ní fhéadfadh urlabhraí na Roinne a rá linn fiú an mbeidh tasc béil ar cheann den dá thasc inscoile a bheidh le déanamh. Thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc.ie, áfach, go mbeidh rogha ag múinteoirí Gaeilge de “raon tascanna a oireann don ábhar” agus a leagfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe síos.

Nuair a bheidh an dá mheasúnú inscoile sin déanta, tabharfaidh na daltaí faoi scrúdú scríofa stáit ina ndéanfar measúnú ar an méid a bheidh foghlamtha ag na daltaí. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh measúnú ar an scrúdú scríofa sin.
Dúirt an t-urlabhraí ón Roinn nach raibh “an obair” ar an scrúdú Gaeilge críochnaithe go fóill agus go ndéanfaí é a athbhreithniú arís.

“Níl an obair ar theangacha nua-aoiseacha iasachta agus ar an nGaeilge tugtha chun críche. Go deimhin, níl sé ach ina thús i gcás na dteangacha nua-aoiseacha iasachta.

“Breithneofar ceist na scileanna uile, scileanna béil san áireamh, i gcomhthéacs na hoibre forbraíochta ar na sonraíochtaí seo,” a dúirt sí.

Scéal ó www.tuairisc.ie

Folúntas: Gaelscoil an Eiscir Riada, Uíbh Fhailí

Bealtaine 26, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/20247/

Folúntas: Gaelcholáiste Chéitinn, Tiobraid Árann

Bealtaine 26, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/12666/

Folúntas: Naíonra Naithí, BÁC

Bealtaine 26, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/pre_school/employee/532/

Folúntas: Gaelscoil Dhún Dealgan

Bealtaine 26, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/20166/

Folúntas: Gaelscoil Chill Dara

Bealtaine 26, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/20173/

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Ríocht na Sí, Luimneach

Bealtaine 25, 2015

Folúntas: Stiúrthóir Cúnta

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Ríocht na Sí, Conradh na Gaeilge, 18 Sráid Thomáis, Luimneach

Riachtanais:

– Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
– Scileanna cumarsáide láidre
– Gaeilge líofa
– NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil um chosaint leanaí

Iarratais:

Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra le seoladh faoin Aoine, 26 Meitheamh 2015, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig conradhluimnigh@gmail.com

nó cuigh Conradh na Gaeilge, 18 Sráid Thomáis Luimneach

Tuilleadh eolais ar fáil ó Micheál 086 8237411
Dáta Deiridh:
Dé hAoine,26  Meitheamh, 2015

Conradh na Gaeilge

Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach

Fón / Facs: 061 417895 Email: conradhluimnigh@gmail.com

(English) Minister O’Sullivan Welcomes Breakthrough in Junior Cycle Reform

Bealtaine 25, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Gaelscoil Phort Láirge, Port Láirge

Bealtaine 22, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/20113/

« Previous PageNext Page »