Méid an Téacs

Siansa Gael Linn beagnach buailte linn!

Aibreán 14, 2015

Is ar an Domhnach seo chugainn, an 26 Aibreán, a bhaileoidh plúr ceoltóirí óga na tíre seo agus lucht leanta an cheoil le chéile sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ag 7.30 i.n. le haghaidh chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2015, ceann de mhórócáidí ceoil thraidisiúnta na bliana

Beidh ocht ngrúpa ceoil ag glacadh páirt sa chomórtas san iomlán. Is iadsan:

Pléascadh, Leac Snámha, Co. Chiarraí
Gliondar, Coláiste Íde agus Iosef, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
Faoiseamh, Corafinne, Co. an Chláir
Glór Mhaigh Eo, Coláiste Daibhéad, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Beogacht, Coláiste na nUrsulach, Sligeach.
Meargánta, Ard Mhacha
Na Rógairí, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Baile Átha Cliath.
Caiseach, Ceoltóirí Bhaile na Manach, Co. Átha Cliath.

Faoi dheireadh na n-imeachtaí, beidh ceann de na grúpaí thuasluaite caithréimeach ag dul abhaile dóibh agus gradam Siansa Gael Linn buaite acu. Corn Gael Linn agus seic €2,500 an duais atá le buachtaint!

Is den chéad uair a chloisfear Pléascadh, Gliondar, Faoiseamh, Beogacht agus Caiseach, rud a léiríonn bisiúlacht agus treise ceoil thraidisiúnta na tíre seo agus an gealladh atá faoi ar na saolta seo. Ag filleadh chun stáitse beidh ‘Glór Mhaigh Eo’ agus ‘Na Rógairí’, agus chualathas baill de ‘Meargánta’ ag casadh cheana le grúpaí eile.

Craolfar Siansa beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh tuairisc chuimsitheach agus alt breá ar an ócáid san iris Irish Music Magazine. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

Ticéid €12 (€6 do dhaltaí) ar fáil ag an gCeoláras 01-4170000 nó www.nch.ie.

Griangraif ar fáil ag www.tuairisc.ie

Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste ag ceiliúradh 10 mbliana

Aibreán 14, 2015

Naoi nGaelscoil ó chontae Aontroma agus ón ceantar maguaird a chuaigh chun ardáin ag Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste, atá ag ceiliúradh deich mbliana a bunaithe.

Thosaigh Seán Mac Labhraí an fhéile thiar in 2005 agus tá sé anois faoi stiúir Sheáin Fennell agus a chéile, Fionnuala Ní Mhealláin.

Thóg Gaelscoil na bhFál gradam scoithléiriú na féile leo don tríú bhliain as a chéile. Seo chugaibh buaicphointí ó fhéile na bliana seo chomh maith le caint ó na rannpháirtíthe agus lucht a eagraithe.

Tá físeán curtha le chéile ag Meon Eile anseo: www.meoneile.ie

Aip do Ghramadach na Gaeilge forbartha.

Aibreán 14, 2015

Tá aip nua cruthaithe ag múinteoir Gaeilge le cabhair a thabhairt do dhaoine leis an nGramadach!

Tá sí ar fáil ar itunes anois agus beidh sí ar fáil ar Android Dé hAoine 17 Aibreán.

Seo an nasc thíos di:
http://t.co/LUk7XkdAK2

Príomhoide ainmnithe ar Ghaelcholáiste nua i gCarraig Uí Leighin

Aibreán 14, 2015

Scéal iomlán ag: www.southernstar.ie

39% de Ghaelscoileana na tíre gan cóiríocht bhuan

Aibreán 14, 2015

Tá 39% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre, atá taobh amuigh den Ghaeltacht, gan cóiríocht bhuan, de réir figiúirí nua a chuir ean eagraíocht Gaelscoileanna Teo. Ar fáil do Tuairisc.ie.

As an 56 bunscoil atá gan cóiríocht bhuan, tá 14 scoil ag fanacht le cóiríocht bhuan le breis is fiche bliain.
Tá gealltanas tugtha ag an Roinn Oideachais i gcás 26 scoil go mbeidh scoil bhuan ar fáil dóibh sna blianta atá amach romhainn.

Tá tromlach na scoileanna lán-Ghaeilge gan cóiríocht bhuan ar liosta tógála na Roinne Oideachais faoi láthair agus tá airgead faighte ag cuid eile acu ón Roinn le tógáil a dhéanamh,nó le hathchóiriú a dhéanamh sa chás gur seanscoil atá i gceist.
Tógadh ceithre bhunscoil déag den 56 atá gan cóiríocht bhuan os cionn fiche bliain ó shin.

Tá 39% nó 11 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht, gan cóiríocht bhuan freisin. Is gcás sé cinn acu sin tá gealltanas tugtha ag an Roinn Oideachais go mbeidh foirgnimh bhuana acu sa chúpla bliain atá le teacht. Tá cuid de na foirgnimh sin á dtógáil faoi láthair.

Scéal ó www.tuairisc.ie

Taighde Nua: Soláthar Múinteoirí Ábhar do na hIarbhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta

Aibreán 13, 2015

Taighe ar Sholáthar Múinteoirí Ábhar do na hIarbhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta le Seán Ó Grádaigh, Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Curtha in Eagar ag Sinéad Ní Ghuidhir & Brendan MacMahon

Ar fáil ag: http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/cogg-sea%CC%81n-o%CC%81-gra%CC%81daigh.pdf

Folúntas: Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath

Aibreán 13, 2015

Tuilleadh sonraí ag: www.educationposts.ie

Folúntas: Stiúrthóir Cúnta Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fháilí

Aibreán 13, 2015

Tá Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra nua a d’oscail in Éadan Doire, Co. Uíbh Fháilí. Is iad na huaireanta oibre ná 08.45r.n.- 12.15i.n..
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt fúthu:
• Dianchúrsa FNT
• Traenáil gharchabhrach
• CDBO Leibhéal 6 nó níos airde
Déan teagmháil le Nicole ag nicole2006@eircom.net má tá spéis leat cur isteach ar an bpost.

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Aibreán 9, 2015

Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie

Cúntóir Caidrimh Phoiblí & Margaíochta

Aibreán 9, 2015

Tá scoláireacht, a mhairfidh suas le dhá bhliain, á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta do dhuine le Gaeilge líofa chun oiliúint fhoirmiúil agus taithí phraiticiúil a fháil i réimse oibre na cumarsáide, an chaidrimh phoiblí agus na margaíochta.
Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal i gcumarsáid, i margaíocht, in iriseoireacht nó i gcaidreamh poiblí atá á lorg. Ní mór cruinneas maith scríofa agus labhartha na Gaeilge agus Béarla a bheith ag iarratasóirí, chomh maith le scileanna ríomhaireachta agus eolas ar na huirlisí meán sóisialta.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, agus íocfar liúntas €23,000 – €25,000 leis an té sin.
Más suim leat cur isteach ar an deis seo, seol iarratas mar aon le do CV, roimh an 5.00 i.n.Déardaoin, 23 Aibreán 2015, chuig:
An Rannóg Pearsanra
Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
T: 091 503100 F: 091 503101 r-phost: p.oconghaile@udaras.ie

« Previous PageNext Page »