Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Deireadh Fómhair 19, 2012
Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe ata freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán a leanas a dhéanamh:
Ardoifigeach Feidhmiúcháin Tagairt: A0F/1012
(Le saoire mháithreachais a chlúdach)
Brúigh Folúntais ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge www.gaeilge.ie le gach eolas faoin bpost seo a fháil.
Foirm Iarratais & Deascán Eolais:
T: (003531) 639 8434 R: poist: poist@forasnagaeilge.ie
Nó is féidir scríobh chuig an seoladh thíosluaite agus an uimhir thagartha chuí a lua.
Spriocdháta: Ní mór cóip chrua shínithe d’fhoirmeacha iarratais a bheith faighte ag an seoladh thíosluaite roimh 1.00 p.m. Dé hAoine, 31 Lúnasa, 2012.
Poist, Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.
Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.
Oifigeach Sinsearach Forbartha
Deireadh Fómhair 19, 2012
Tá Oifigeach Sinsearach Forbartha á lorg ag Comhairle na Gaelscolaíochta.
Is comhlacht beag fuinniúil Comhairle na Gaelscolaíochta atá ar lorg daoine díograiseacha chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus bheith rannpháirteach san fhoireann ghairmiúil bhríomhar.
Oifigeach Sinsearach Forbartha (Post Buan)
Tuarastal: NJC 41 – 44
£34,549 – £37,206
Pinsean & liúntas úsáidte cairr ar fáil
I measc na gcritéar atá riachtanach don phost tá:
– Scileanna bainisteoireachta
– Eolas ar an ghaelscolaíocht
– Cáilíocht 3ú leibhéal
Tuilleadh sonraí le fáil ó:
Comhairle na Gaelscolaíochta (Poist),
4 Sráid na Banríona,
Béal Feirste BT1 6ED
Guthán: 028 9032 1475 / Facs: 028 9032 4475;
R-phost: pomordha@comhairle.org
Spriocdhata: 12.30 i.n. Luan 05 Samhain 2012
Is fostóir comhionannais í Comhairle na Gaelscolaíochta a chuireann fáilte ar leith roimh iarratais ón phobal Protastúnach agus ó mhná.
Oifigeach Forbartha Óige
Deireadh Fómhair 19, 2012
Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag earcú Oifigeach Forbartha Óige.
Is comhlacht beag fuinniúil Comhairle na Gaelscolaíochta atá ar lorg daoine díograiseacha chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus bheith rannpháirteach san fhoireann ghairmiúil bhríomhar.
Oifigeach Forbartha Óige
(Post Sealadach – 12 mhí)
Maoinithe ag: Comhairle Ógra um TÉ & Foras na Gaeilge
Tuarastal: NJC 29 – 33
£24,646 – £27,849
Pinsean & liúntas úsáidte cairr ar fáil
Tuilleadh sonraí le fáil ó:
Comhairle na Gaelscolaíochta (Poist),
4 Sráid na Banríona,
Béal Feirste BT1 6ED
Guthán: 028 9032 1475 / Facs: 028 9032 4475;
R-phost: pomordha@comhairle.org
Spriocdhata: 12.30 i.n. Luan 05 Samhain 2012
Is fostóir comhionannais í Comhairle na Gaelscolaíochta a chuireann fáilte ar leith roimh iarratais ón phobal Protastúnach agus ó mhná.
Oifigeach Cléireachais
Deireadh Fómhair 19, 2012
Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag earcú Oifigeach Cléireachais.
Is comhlacht beag fuinniúil Comhairle na Gaelscolaíochta atá ar lorg daoine díograiseacha chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus bheith rannpháirteach san fhoireann ghairmiúil bhríomhar
Oifigeach Cléireachais
(Post Sealadach ach is féidir go mbuanófar é)
Tuarastal: NJC 12 – 17
£15,039 – £16,830
Pinsean ar fáil
Tuilleadh sonraí le fáil ó:
Comhairle na Gaelscolaíochta (Poist),
4 Sráid na Banríona,
Béal Feirste BT1 6ED
Guthán: 028 9032 1475 / Facs: 028 9032 4475;
R-phost: pomordha@comhairle.org
Spriocdhata: 12.30 i.n. Luan 05 Samhain 2012
Is fostóir comhionannais í Comhairle na Gaelscolaíochta a chuireann fáilte ar leith roimh iarratais ón phobal Protastúnach agus ó mhná.
Fáilte roimh fhógairt an Aire Oideachais i leith na scéime maoinithe
Deireadh Fómhair 19, 2012
Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta roimh fhógairt an Aire Oideachais John O’Dowd i leith na scéime maoinithe a spreagfaidh páistí, tuistí agus an pobal chun a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.
“Is scéim í seo a rachaidh chun tairbhe go mór ar dhaltaí, ar thuistí agus phobal na gaelscolaíochta” arsa Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta an Dr. Micheál Ó Duibh
Rath ar an nGaeilge in Ard Mhacha
Deireadh Fómhair 19, 2012
Athrú meoin le mothú i bhfogas d’Eamhain Mhacha a scríobhann Méabh Ní Thuathaláin
Tá meon na nAontachtaithe in Ard Mhaca ag athrú, dar le Seán Maoilsté, oifigeach Forbartha na Gaeilge de chuid Cairde Teo. Anuraidh, díreoidh aird na meán ar Jim Speers, Chomhairleoir an UPP de chuid Ard Mhaca, mar gheall ar an gcáineadh a rinne sé ar an nGaeilge. Dar leis, “the only place Irish will take you is back to the bog”, ach creideann Seán Ó Maoilsté go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí.
“Tá pleananna againn Cultúrlann a bhunú agus rinne muid cur i láthair os comhair na gComhairlí ar na mallaibh le tacaíocht a fháil don tionscadal. Bhí Jim Spears i measc na gComhairlí agus thug sé moltaí fiúntacha dúinn maidir leis an suíomh a bhí muid ag coimhéad air” arsa Maoilsté.
“Ní hé go raibh sé go mór son na Cultúrlainne ach tuigeann sé go bhfuil an éileamh ann faoina choinne. Tuigeann sé go bhfuil muid ag iarraidh poist a chothú agus nach bhfuil muid ag tabhairt faoi chun aighneas a chothú ná a dhath ar bith. Thug sé éisteacht dúinn cibé, agus is comhartha é sin go bhfuil rudaí ag athrú,” arsa seisean.
Thosaigh an Ghaeloideachas 17 bliain ó shin in Ard Mhacha agus tá breis agus 400 dalta sa chóras Gaeloideachais in Ard Mhacha faoi láthair ag leibhéal na hiarbhunscoile, na bunscoile, na naíscoile agus na réamh-naíscoile. Tá Gaeilge iontach láidir sna scoileanna Béarla agus ina measc siúd sa Ghaeloideachas in Ard Mhaca chomh maith, dar le Sean Ó Maoilsté.
“Bíonn muid ag obair le daltaí ó Choláiste Phádraig, meánscoil áitiúil, agus le daltaí ón aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona, agus tá an caighdeán céanna Gaeilge ag na daltaí. Fiú amháin Coláiste Chaitríona, sa chuid den scoil nach bhaineann leis an aonad, bíonn siadsan iontach maith ag an nGaeilge fosta,” arsa Sean Ó Maoilsté.
“É sin ráite, tá daltaí ag teacht fríd an gcóras Gaelscolaíochta agus ag freastal ar na meánscoileanna Béarla. agus tá bunús iontach acu, rud a théann i bhfeidhm go cinnte ar na daltaí eile atá sa rang.
Tá thart ar 170 páiste ag freastal ar an aonad Gaeilge i Bunscoil na mBráithre Críostaí, an oiread céanna agus atá ag freastal ar an aonad Béarla sa scoil. Tá 25 páiste ar an naíscoil faoi láthair agus 25 eile sa ghrúpa súgartha atá dírithe ar pháistí atá 3 bliana d’aois.
“Tá an Ghaeilge iontach láidir sa scoil. Tá éiteas láidir a ritheann tríd an scoil trí chéile. Bíonn imeachtaí éagsúla á reáchtáil i ndiaidh am scoile trí mheán na Gaeilge, club drámaíochta, foireann peile le Gaeilge,” arsa Ó Maoilsté.
Ag an leibhéal meánscoile, tá 142 dalta ag freastal ar an aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona chomh maith. Tá 2,926 ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ag leibhéal iar-bhunscoile san iomlán, sna meánscoileanna Béarla agus sa chóras Gaeloideachais. I mbliana, tá 324 ag gabháil don GCSE Gaeilge agus tá 77 ag déanamh Gaeilge mar ábhar A-Leibhéal.
“Tá daoine ar an eolas faoi rogha na Gaelscolaíochta in Ard Mhaca anois. Tá fás millteanach ar chúrsaí ónár thosaigh sé,” a dúirt sé.
Tá Naíscoil Shliabh Fuaid le n-oscailt ar an bhfobhaile i mBaile Mhic an Aba atá cúpla míle ón gcathair féin. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta i mbun staidéir maidir leis an éileamh atá ann don naíscolaíocht ar an gCéide. Chomh maith leis sin, tá grúpa eile ag iarraidh grúpa súgartha a bhunú ar an taobh eile d’Ard Mhacha fosta. Is eagraíocht í Cairde Teo a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail agus a bhíonn ag plé leis an bpobal áitiúil.
“Tá muid ag obair ar thionscal faoi láthair le daoine idir óg agus aosta, a dhéanfaidh comparáid idir na fadhbanna sóisialta ar nós dífhostaíocht, drugaí, féinmharú, cúrsaí ceardchumainn agus mar sin de. Ní dóigh liom tríocha bliain ó shin go raibh trácht ar fhéinmharú ach is cinnte go raibh sé ag tarlú. Tá cúrsaí ceardchumainn iontach lag faoi láthair i gcomparáid le tríocha bliain ó shin nuair bhí beagnach gach duine ina mbaill do cheardchumainn,” arsa Ó Maoilsté.
www.gaelsceal.ie
Ag lorg príomhoide
Deireadh Fómhair 19, 2012
Chuirfeadh grúpa tuismitheoirí in Albain fáilte roimhe chainteoir Gaeilge, atá ag foghlaim Gaeilge na hAlban, mar phríomhoide i scoil a bhfuil neart cainte tarraingthe aici.
Theip ar Bhunsgoil Ghaihlig Inbhir Nis, ceann de dhá bhunscoil Ghaeilge na hAlban ata sa tír, príomhoide leis an teanga a earcú seacht n-uaire le trí bliana anuas.
Dar le Comann nam Pàrant Inbhir Nis, ta an cur chuige mícheart ag an gcomhairle áitiúil duine le taithí bainistíochta a cheapadh don ról in áit duine a bhfuil Gaeilge na hAlban ar a dtoil acu.
“Níl sé réalaíoch duine nach bhfuil an teanga acu a cheapadh sa phost agus beidh drochthionchar aige ar na páistí. Ta an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban an-ghar dá chéile agus ní bheadh na deacrachtaí céanna ag cainteoir Gaeilge aistriú go dtí an teanga,” arsa an cathaoirleach, Dawn Morgan.
www.foinse.ie
Troidfidh mé ar son na n-eagraíochtaí atá bunaithe anseo sa Tuaisceart: Ní Chuilín
Deireadh Fómhair 18, 2012
Níl sé soiléir an bhfaca Aire Cultúir, Ealaíón agus Fóillíochta an Tuaiscirt aon mholtaí nua ó Fhoras na Gaeilge maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge, ach dúirt an tAire, Carál Ni Chuilín, i bhfreagra a thug sí sa Tionól Dé Máirt na seachtaine seo caite nach bhfaca sí moltaí ar bith. Gheall sí, áfach, go dtroidfeadh sí “100%” ar son na n-eagras atá bunaithe ó Thuaidh. Bhí sí ag tabhairt freagra ar cheist ó Dominic Ó Brolcháin (SDLP). Bhain sin le scéal ar an Irish Times, mar ar cuireadh síos ar mholtaí nua ón bhForas. Sa scéal, dúradh go mbeadh sé cinn de ‘cheanneagraíocht’ ann agus iad uilig lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bheadh siad ábalta eagrais eile a earcú mar fochonraitheoirí.
D’iarr an Brolchánach ar an Aire an mbeidh sí ábalta a dheimhniú nach rachadh na moltaí nua “chun dochair d’eagraíochtaí Gaeilge anseo sa Tuaisceart agus go seasfadh sí an fód do na heagraíochtaí sin?” Dúirt an tAire gur sa cheist a chead chuala sí faoin scéal ar an Irish Times. Ní fhaca sí moltaí ar bith ón bhForas go dtí seo. “Deimhním 100% go dtroidfidh mé ar son na n-eagras atá bunaithe anseo sa Tuaisceart,” ar sise. “In amanna, tá freastal ar riachtanais na n-eagras maoinithe mar chuid den fhreastal ar riachtanais na hearnála, nó ní thig leat freastal a dhéanamh gan acmhainn ar an talamh… Déanfaidh me cinnte go mbeidh na socruithe maoinithe iomlán ionadaíoch, go ndéanfaidh siad freastal ar achan duine ar an oileán, agus nach mbeidh siad claonta i dtreo dhream amháin, ar aimhleas agus díobháil daoine eile.”
Dé hAoine seo caite, chuir Gaelscéal ríómhphost chun na Roinne ag fiosrú an raibh moltaí ón bhForas feicthe ag an Aire faoi sin. Go mall tráthnóna Dé Luain, chuir urlabhraí freagra chugainn. Duirt sé gur cuireadh cás gnó chomh maith le moltaí fá choinne cuíchóiriú an bhunmhaoinithe chuig Státseirbhísígh sa dá roinn urraithe. (An Roinn Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta). “Tá feidhmeannaigh anois ag scrúdú na moltaí seo, an breithmheas eacnamaíochta agus fírinniú an rogha is dealraithí,” arsa an t-urlabhraí. Meastar go bpléifear na moltaí ag an gcéad chruinniú eile de Shruth Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Tá sin le bheith ann an 12ú lá de mhí na Nollag. Níos luaithe i mbliana, shocraigh an Foras gan dul ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, ach is léir nach bhfuil deireadh le conspóid maidir le cursaí maoinithe.
www.gaelsceal.ie
Ceisteanna don Chrann Taca
Deireadh Fómhair 18, 2012
Reáchtálfar Tráth na gCeisteanna Boird i dTigh Chualáin in Indreabhán san oíche amárach, Dé hAoine 19 Deireadh Fómhair, ar mhaithe leis an gCrann Taca, an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh.
Cuirfear tús leis an oíche ag 8.30i.n. agus rachaidh an brabach ar fad i dtreo costais riaracháin na háite. Tá an ócáid á reáchtáil ag Coiste Tacaíochta an Ionaid agus tá duaiseanna maithe agus oíche den scoth geallta. Tá an coiste seo gníomhach le tamall anuas agus arís ar maidin Domhnaigh, 21 Deireadh Fómhair, tá maidin caifé agus díolachán cácaí á eagrú acu, ócáid a bheidh ar siúl sa Chrann Taca ó 11.30r.n. ar aghaidh agus tá fáilte roimh chách.
www.advertiser.ie
Baboró shows as Gaeilge
Deireadh Fómhair 18, 2012
VERY YOUNG children will be kept entertained, engaged, amused, and be opened up to both theatre and the Irish language with a variety of shows at the Baboró festival.
Graffiti Theatre Company will stage An Fear Siúil (Walking Man) by Jody O’Neill, for children aged six to nine in the Town Hall Studio today at 10.15am and 12.15pm. Walking Man has spent his whole life in pursuit of success. He has always rushed headlong through life, determined to follow in his father’s footsteps to the best job on the top floor of the tallest building in the whole city. Yet once he achieves all this, he still feels unfulfilled and must go on a new journey. Irish Theatre Magazine has praised the production for its “subtlety and sophistication…a production of magic and wonder”. The Gombeens – actor and comedians duo of Miquel Barcelló and Jonathan Gunning – will present Spraoi in the Druid Lane Theatre on tomorrow at 11am and 3pm.
This show is performed in Catalan and as Gaeilge. It is about two boys who arrive at the same place at the same time and but do not understand what they should do. Neither speaks the same language and one likes to play by the rules while the other does not. They must learn how to communicate with each other so they can play together. Spraoi is directed by Marc MacLochlainn. The is for children aged between three and six. Places are limited. Púca Puppets will stage Tic Teac Tic Teac, written and performed by Niamh Lawlor in the Town Hall Studio tomorrow (10.30am and 3.30pm); Saturday (11.30am and 3.30pm); and Sunday (11.30am and 1pm) in the Town Hall Studio. The show is for three to six year olds. Tic Teac Tic Teac is a celebration of a child’s journey ón ghiniúnt go dtí an chéad lá scoile – from conception to the schoolroom. It uses handmade puppets and a special clock mat the children help assemble. Irish Theatre Magazine said the show keeps children “engaged and entertained for near on 45 minutes. Short but sweet.”
For more information and tickets contact the Town Hall on 091 -569777 or www.tht.ie or see www.baboro.ie
www.advertiser.ie