Gaelcholáiste Luimnigh – Nuachtlitir is déanaí
Eanáir 9, 2012
Nuachtlitir Gaelcholáiste Luimnigh
Próiseas Comhairliúcháin maidir le maoiniú na nEagras Gaeilge fógartha
Eanáir 9, 2012
Cuirfear tús inniu le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an struchtúr úr maoinithe atá beartaithe do na heagrais Gaeilge.
Tabharfar cuireadh don phobal, do na heagraíochtaí Gaeilge agus d’eagraíochtaí leasmhara eile ceistneoir a líonadh faoi na scéimeanna atá beartaithe sa tsamhail nua mhaoinithe.
Fógraíodh chomh maith go tionólfar ócáid phoiblí i ngach aon Chúige agus go mbeidh fócas-ghrúpaí le reáchtáil mar chuid den phróiseas freisin.
Faoin samhail nua, tiocfaidh athrú suntasach ar an mbealach ina dtabharfar maoiniú do na heagrais Ghaeilge. In áit bunmhaoiniú bliantúil, beidh ar na heagrais cur isteach ar na scéimeanna áirithe mar atá luaite sa tsamhail nua.
Bhí sé mar údar imní do na heagrais Ghaeilge anuraidh nár tugadh aon aird ar na hargóintí a bhí a dhéanamh i gcoinne na samhla agus d’iarr an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar Fhoras na Gaeilge tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe.
Deir Foras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm ag an athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras ná a chinntiú go bhfeabhsófar an bealach ina gcuirtear seirbhísí agus eolas ar fáil do phobal na Gaeilge, earnáil inmharthana agus cumasach a chinntiú agus luach níos fearr ar airgead a chinntiú.
Fógraíodh go mbeadh an tsamhail bunaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha agus bunphrionsabail phleanála teanga, stádas, cumas agus úsáid.
I ndáil ar sin déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh de na hocht scéim ina measc: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Sceim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail.
Deir Foras na Gaeilge go mbeidh aon eagraíocht amháin nó líon teoranta eagraíochtaí, más gá ag feidhmiú gach scéime.
Cuireadh tús leis an bpróiseas athbhreithnithe ar na 19 n-eagraíocht Ghaeilge bhunmhaoinithe chomh fada siar agus 2008. Tá 7 gcinn de na heagrais lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus 12 eagras lonnaithe sa Deisceart.
Chuir Jimmy Deenihan T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit le freagracht speisialta as Gnóthaí Gaeltachta agus Carál Ní Chuilín CTR, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart, fáilte roimh an seoladh inniu.
Leanfar leis an bpróiseas comhairliúcháin go dtí 02 Aibreán. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaeilge.ie.
Beidh tuilleadh eolais agus plé faoin bpróiseas comhairliúcháin agus faoin athbhreithniú sa nuachtlitir Eolas a fhoilseofar amárach ar Gaelport.com
©Foilsithe ar Gaelport.com
Gaelscoil i mbaol druidim
Eanáir 6, 2012
Tá Gaelscoil i gCo. Dhoire i mbaol a druidte an tseachtain seo – mar nach cinnte cé atá freagrach as cíos a dhíol.
D’aithin an Roinn Oideachais Gaelscoil na Spéiríní i mBaile na Scríne cúig bliana ó shin.
Maoiníonn an Roinn an scoil. Ach dar le polasaí de chuid na Roinne, ní thugtar maoiniú muna bhfuil ar a laghad 15 dalta nua ag dul isteach in aghaidh na bliana.
Tá an scoil faoi láthair in ionad phobail An Rath Dubh ar an bhaile. Ach tá an t-ionad pobail chun é a dhíbirt muna ndíoltar cíos. Ní raibh urlabhraí thar ceann na scoile ná thar ceann an ionaid phobail ar fáil.
GAELSCÉAL
Opposition to Irish language merger
Eanáir 6, 2012
Party to mark 30 years of teaching through Irish
Eanáir 5, 2012
Imní faoi scoileanna beaga Gaeltachta
Eanáir 5, 2012
Tá tréimhse dhúshlánach roimh phobal na Gaeltachta más mian leo cosaint a dhéanamh ar an gcóras oideachais ar an mbunléibheáil.
Tá an ghéarchéim nua ag eascair as cinneadh an tAire Brendan Howlin TD, mar chuid den cháinfhaisnéis.
Moladh sa cháinfhaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoir fostaithe ann.
Dar le Treasa Ní Mhainín ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta “Tá an baol ann go ndúnfar suas go 91 bunscoil Ghaeltachta a bhfuil 86 nó níos lú dalta ag freastal orthu laistigh de thréimhse an-ghearr má leantar leis na rialacha nua atá molta.”
Anseo san Iarthar tá baol ann go bhfágfar go leor ceantar Gaeltachta le scoileanna folamh agus go mbeidh poist i mbaol má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga.
Ach, mar atá feicthe go minic cheana, is féidir dochar mór a dhéanamh don Ghaeilge féin má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga. Go hiondúil is iad na scoileanna beaga is láidre ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh na staire de feictear go lagaítear an Ghaeilge go mór nuair a bhrúitear isteach iad le scoileanna móra.
Tá fearg ollmhór léirithe ag tuismitheoirí agus múinteoirí agus na pobail éagsúla ar fud an Iarthair faoin gcinneadh seo atá déanta ag Fine Gael agus an Lucht oibre. Agus bliain úr romhainn is léir anois go bhfuil troid mhór le déanamh ag pobal na Gaeltachta.
GALWAY ADVERTISER
Fógra do Mhúinteoirí Ealaíne
Eanáir 5, 2012
Socraíodh ag an Chruinniú Chinn Bhliana ATAI Cumann na Múinteoirí Ealaíne ar na mallaibh go mbeidh leathnach faoi leith Gaeilge dóibh siúd atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge ar shuímh Gréasáin ATAI.
Má tá suim ag aon mhúinteoir ealaíne cuidiú sa togra seo, nó smaointe a roinnt fiú, bí i dteagmháil le ataigaeilge@hotmail.com
Foilsithe ar Gaelport.com
Ó Ghlúin go Glúin CD launch
Eanáir 4, 2012
Year in, year out
Eanáir 4, 2012
Balbriggan set for new Gaelcholáiste school
Eanáir 3, 2012