Méid an Téacs

Riarthóir do Choláiste Samhraidh

Lúnasa 21, 2013

Tá Riarthóir á lorg ag Coláiste Gaeilge Samhraidh chun dul i mbun cúraimí eagraíochta, riarachta agus forbartha sa choláiste.
 
An Post:

  • Ullmhúchán agus Eagrúchán a dhéanamh ar Chúrsaí Gaeilge an Choláiste: Cúrsaí an tSamhraidh agus Cúrsaí Cinnireachta le linn na bliana 
  • Margaíocht a dhéanamh ar na cúrsaí; iarratais agus agallaimh na scoláirí a eagrú; lóistín agus taistil a shocrú do na cúrsaí 
  • Chomhfhreagras le Múinteoirí, Cinnirí, Mná Tí 
  • Plean forbartha an Choláiste a fheidhmiú agus a chur i gcrích 
  • Dul i gcomhairle le Coiste Stiúrtha an Choláiste 
  • Dul i ngleic le  hEagraíochtaí Stáit – Roinn na Gaeltachta agus Roinn an Oideachais 

Cáilíochtaí: 

  • Cáilíocht tríú leibhéil sa ghnó nó/agus san oideachais 
  • Ard-chaighdeán scríofa agus labhartha na Gaeilge 
  • Taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó 
  • Ard-scileanna Ríomhaireachta 
  • Taithí oibre i gcúrsaí oideachais 
  • Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta d’ardchaighdeán, ag plé le foireann agus daoine i gcoitinne 

Féin taisteal riachtanach
 
Uaireanta Oibre: Is post 30-40 uair in aghaidh na seachtaine é.
Tuarastal: Tuarastal coimhlinte ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí.
Is conradh bliana atá á thairiscint i dtosach.  
Iarratais: Seol iarratais mar aon le C.V. roimh 4 Meán Fómhair 2013 chuig colaistegsamhraidh@gmail.com.

Foilsithe ar Gaelport.com 

Cúntóir Naíonra

Lúnasa 16, 2013

Cúntóir lán-aimseartha á lorg do Naíonra Chaitlín Maude i mBaile Átha Cliath 24.
Post cúntóir naíonra agus cúntóir curam tar éis scoile atá i gceist.
Is gá líofacht sa Ghaeilge agus Fetac leibhéil 5, ar a laghad, a bheith ag iarratasóirí.
Déan teagmháil le Aisling ag naionra.cm@gmail.com
Foilsithe ar Gaelport.com 

 

Feighlí Linbh á lorg i gConamara

Lúnasa 15, 2013

Tá Au Pair/feighlí linbh á lorg ag teaghlach atá ina chónaí in aice leis an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe chun aire a thabhairt do bheirt bhuachaillí atá 3 bliana d’aois agus naoi mhí d'aois.

Is cainteoir dúchasach é fear an tí agus tá Gaeilge líofa ag máthair na mbuachaillí freisin.

Labhraíonn siad Gaeilge leis na gasúir. Bheadh sé feiliúnach go duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú. 

Cuir glaoch ar Ailish ar 087 – 6134388 go luath má tá spéis agat sa chúram seo.
 
Foilsithe ar Gaelport.com 

Comhordaitheoir/Teagascóir & Comhordaitheoir Cúnta

Lúnasa 15, 2013

2 fholúntas in Áras Inis Gluaire 

Tá comhordaitheoir /Teagascóir & comhordaitheoir Cúnta/Teagascóir ag teastáil do Chlár oiliúna/oibre (Leibhéal 5 FETAC) atá urraithe ag FÁS faoin gclár Tionscnamh Áitiúil Oiliúna.

Tá sonraí maidir leis na riachtanais do na poist seo le fáil ar www.arasinisgluaire.ie nó tá gach eolas ar fáil ó cora@arasinisgluiare.ie
Ní mór d’iarratais iomlán a bheith faighte roimh Dé hAoine, 30 Lúnasa 2013.
          
Seoladh poist: 
Cora Lally                              
Áras Inis Gluaire
Béal an Mhuirthid
Co. Mhaigh Eo

nó chuig an seoladh ríomhphoist: cora@arasinisgluaire.ie

Áras Inis Gluaire
Tá ionad ealaíon agus cultúir Áras Inis Gluaire lonnaithe i gceartlár Bhéal an Mhuirthead i gcontae Mhuigh Eo.  Is ionad dhátheangach í seo le háiseanna den scoth agus ó cheann ceann na bliana bíonn réimse leathan d’imeachtaí idir ceolchoirmeacha, taispeántais, áiseanna d’imeachtaí óige drámaí mar aon le go leor eile ar siúl ann.

Anuas ar seo tá amharclann le 170 suíochán san ionad mar aon le háit gailearaí a bhíonn taispeántais éagsúla ann i rith na bliana.
 
Foilsithe ar Gaelport.com 

Stiúrthóir Naíonra

Lúnasa 14, 2013

Tá Crèche Cois Laoi, UCC ag lorg stiúirthóir páirtaimsearach don Naíonra.
Taithí & Gaeilge riachtanach.
Iarratais & C.V. chuig creche@ucc.ie roimh Aoine an 23ú lá de Lúnasa.
Gach eolas ó 021-4901606.

Foilsithe ar Gaelport.com

Oifigeach Gaeilge, Coláiste Phádraig

Lúnasa 12, 2013

Fáiltíonn Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, roimh iarratais ar phost mar Oifigeach Gaeilge (post leathaimseartha ar chonradh dhá bhliain).

Ar fhreagrachtaí Oifigeach na Gaeilge beidh siad seo a leanas:

  • ranganna Gaeilge agus sainchúrsaí oiliúna teanga don fhoireann
  • clár imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a eagrú a chuirfidh le húsáid na Gaeilge sa Choláiste
  • comharthaíocht agus cáipéisí riaracháin cuí i nGaeilge a chur ar fáil
  • leathanach gréasáin a chothú agus a fhorbairt.

Tá fís agus samhlaíocht mar aon le scileanna eagrúcháin agus idirphearsanta den scoth ag teastáil don phost seo. 
 
Ta líofacht i labhairt na Gaeilge agus cruinneas i scríobh na teanga bunriachtanach. 
 
Ba bhuntáiste é taithí oiriúnach teagaisc a bheith ag iarratasóir. 
 
Tá spéis phearsanta i gcur chun cinn na Gaeilge fíorthábhachtach, chomh maith le hardscileanna san aistriúchán agus i dTeicneolaíochtaí an Eolais.
 
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.spd.dcu.ie/vacancies. Níor mhór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith istigh faoi 12.00 meán lae, 23 Lúnasa 2013 chuig:
 
Roinn Acmhainní Daonna,
Coláiste Phádraig,
Droim Conrach,
Baile Átha Cliath 9.
 
Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh le haghaidh an phoist seo lá éigin le linn na seachtaine dar tús 9 MeánFómhair 2013.
 
Is fostóir comhdheise é Coláiste Phádraig

Foilsithe ar Gaelport.com

Léachtóir Cúnta i Roinn na Gaeilge

Lúnasa 1, 2013

Fáiltíonn Coláiste Phádraig, Droim Conrach, roimh iarratais ar an bpost mar Léachtóir i Roinn na Gaeilge (ar chonradh ceithre mhí (Meán Fómhair go Nollaig 2013).

Is post lánaimseartha é seo. Níor mhór cáilíochtaí acadúla den scoth sa Nua-Ghaeilge (céim dochtúireachta san áireamh) agus taithí agus ardchumas teagaisc ar an tríú leibhéal a bheith ag iarratasóirí. Fáilteofar go háirithe roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil saineolas agus saintaithí acu sna réimsí seo: litríocht na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal. 

Beidh ar na daoine a cheapfar sna poist seo cúrsaí léachta agus seimineáir theanga a mhúineadh chomh maith le páirt a ghlacadh in obair riaracháin na Roinne agus in imeachtaí agus i seirbhísí oideachasúla an Choláiste i gcoitinne.

Dualgais agus Cúraimí an Phoist

Beidh de dhualgais is de chúraimí ar an té a cheapfar in phost seo: 

  1. Léachtaí agus cúrsaí léachta a thabhairt ar na cúrsaí atá á dtairiscint ag Roinn na Gaeilge, de réir mar a shocrófar leis an gCeann Roinne. 
  2. Seimineáir i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a thabhairt do mhic léinn na Roinne, de réir  mar a shocrófar leis an gCeann Roinne. 
  3. Páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí taighde na Roinne, idir sheimineáir, chomhdhálacha, fhoilseacháin agus chomhfhiontair thaighde. 
  4. Feidhmiú mar stiúrthóir nó mar chomhstiúrthóir ar ghrúpa nó ar ghrúpaí mac léinn, de réir mar a shocrófar leis an gCeann Roinne. Baineann an stiúrthóireacht seo le freagracht a ghlacadh ar son eagrú agus bhainistiú na gcúrsaí bliana, i gcomhar le comhghleacaithe Roinne agus faoi stiúir Cheann Roinn na Gaeilge. 
  5. Cibé cúraimí nó dualgais nó freagrachtaí eile a shamhlófaí a bheith réasúnta, a d’iarrfadh Ceann na Roinne, nó a ainmní, air/ uirthi a dhéanamh; agus cibé cúraimí nó dualgais nó freagrachtaí a shamhlófaí a bheith réasúnta a d’iarrfadh Uachtarán an Choláiste, nó a ainmní ar a shon, air/ uirthi a dhéanamh. 
  6. Páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i seirbhísí oideachasúla an Choláiste i gcoitinne 

Scála Tuarastail: Déanfar an ceapachán ar scála an Léachtóra Chúnta nó an Léachtóra ag pointe atá de réir Pholasaí Pá reatha an Rialtais.
 
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar: http://www.spd.dcu.ie/site/human_resources/current_vacancies.shtml. 

Iarratais

Níor mhór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith istigh faoi 12.00 meán lae Dé hAoine, 9 Lúnasa 2013 ag: 
An Roinn Acmhainní Daonna
Coláiste Phádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
 
Ní ghlacann Coláiste Phádraig le hiarratais leictreonacha.
 
Táthar ag súil go mbeidh na hagallaimh don phost seo ann le linn na seachtaine dar tús 19 Lúnasa 2013.
Fostóir comhionannais is ea Coláiste Phádraig

Foilsithe ar Gaelport.com 

 

Feighlí le Gaeilge

Lúnasa 1, 2013

Feighlí ag teastáil chun aire a thabhairt do leanbh bliain d'aois i rith téarma scoile. 
Deisceart Bhaile Átha Cliath. 
Cuir glaoch ar 01 5350216 le haghaidh tuilleadh eolais. 

 

Feighlí cónaitheach le Gaeilge

Iúil 23, 2013

Tá feighlí cónaitheach le Gaeilge á lorg ag clann i gCill Chomhghaill, Cill Mhantáin.  
Beidh an té a cheapfar i mbun chúram a thabhairt do 3 pháistí (1-5 bliana d’aois.  Beidh an bheirt is sine ag tosú ar an nGaelscoil mi Mheán Fómhair.
35 uair thar 3 lá sa tseachtain a bheadh i gceist.  Is gá ceadúnas tiomána os rud e go mbeidh an feighlí ag bailiú na bpáistí ón scoil. 
€500 sa mhí mar aon le lóistín agus béilí.
Tuilleadh eolais le fáil ó Shinéad 0879974157

 

Cúntóir Naíonra

Iúil 15, 2013

Cúntóir Naíonra á lorg ag Naíonra nuabhunaithe i gContae Longfoirt.  
Is gá líofacht sa Ghaeilge agus Fetac Leibhéil 5, ar a laghad, a bheith ag iarratasóirí.  
Déan teagmháil le Josephine; 0861765986 nó saorisemontessori@live.ie

 

« Previous PageNext Page »