Múinteoir Gaeilge agus Fraincíse
Iúil 9, 2012
Tá múinteoir Gaeilge agus Fraincíse Ard-leibhéil Ardteistméireachta á lorg ag Coláíste Naomh Pádraig, Corcaigh.
Is post buan é an post seo.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
FAO: John Ring
St Patricks College
Gardiners Hill
Cork
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
Spriocdháta: 12 Iúil 2012
Túsdáta: 23 Lúnasa 2012
Múinteoir Gaeilge le Fraincís nó Tíreolaíocht
Iúil 9, 2012
Cuireann Coláiste Beneavin De La Salle fáilte roimh iarratais don phost a leanas:
Múinteoir Gaeilge le Fraincís nó Tíreolaíocht Ard-leibhéil Ardteistméireachta.
Is post buan é an post seo.
Inmhianaithe:
- Fraincís ina buntáiste
- Taithí ag obair i scoil DEIS
- Taithí mar chuid d’fhoireann acaíochta foghlama
- Toilteanach a bheith bainteach i ngach gné den choláiste
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
The Secretary to the Board of Management
Beneavin De La Salle College
Beneavin Road
Finglas
Dublin 11
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Spriocdháta: 5 i.n., Dé Céadaoin, 18 Iúil 2012
Reáchtálfar na hagallaimh ag tús mhí Lúnasa.
Folúntas: Iúil 2012: Oifigeach Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Post páirtaimseartha chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach
Iúil 4, 2012
Conradh ar Théarma Seasta ar bhonn Pháirtaimseartha go dtí an 21 Nollaig 2012 chun tréimhse Saoire Mháithreachais a chlúdach.
Fáiltíonn Oifig an Uachtaráin, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath roimh iarratais don fholúntas d’Oifigeach na Gaeilge, ar chonradh ar théarma seasta go dtí an 21 Nollaig 2012 ar bhonn páirtaimseartha, 19.5 uair in aghaidh na seachtaine chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach.
Beidh sé mar fhreagracht ar Oifigeach na Gaeilge:
- Feidhmiú Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 2012-2015 agus Rialacháin agus Dualgais Dhíreacha an Achta san Institiúid a éascú.
- Riachtanais aistriúcháin na hInstitiúide a chomhlíonadh.
- Ranganna Gaeilge agus sainchúrsaí oiliúna don fhoireann agus do mhic léinn chomh maith le Scéim Scoláireachta Gaeltachta na hInstitiúide a eagrú agus a bhainistiú.
- Scéim Cónaithe Gaeilge 2012/13 na mac léinn a eagrú agus a bhainistiú.
- Clár imeachtaí Gaeilge san Institiúid a eagrú i gcomhpháirtíocht le cumainn agus le grúpaí éagsúla.
- Cúraimí ginearálta oifige a chomhlíonadh lena n-áirítear bainistiú buiséid agus suíomhanna gréasáin agus obair riaracháin Oifig na Gaeilge.
Ní mór d’iarrthóirí: Cáilíocht Céime/Iarchéime i nGaeilge agus i Scileanna Aistriúcháin Ghaeilge nó cáilíocht chomhionann; ar a laghad dhá bhliain de thaithí ag obair trí mheán na Gaeilge; sárchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge; taithí ar obair aistriúcháin i nGaeilge; taithí ar eagrú imeachtaí agus bainistiú tionscadal chomh maith le hard scileanna idirphearsanta, cumarsáide, eagrúcháin agus éascaithe agus spéis faoi léith i gcur chun cinn na Gaeilge in ITBÁC, a bheith acu.
Tá gach eolas le fáil agus is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag: http://www.dit.ie/hr/resourcing/resourcingandrecruitment/vacancies/
Spriocdháta d’iarratais: Dé Máirt 17 Iúil 2012.
Múinteoir Gaelscoile
Iúil 4, 2012
Tá muinteoir á lorg ag Gaelscoil na Dúglaise, le tréimhse mháithreachais a chlúdú.
Cuirfear tús leis an tréímhse oiliúna ar 29 Lúnasa 2012.
Mairfidh an saoire maithreachais seo go dtí Mí Aibreáin 2013 ar a laghad.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost chuig:
FAO An Cathaoirleach,
Gaelscoil na Dúglaise,
Douglas,
Cork.
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir chlúdach
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Gráid an chleachtaidh teagaisc
- Tuairiscí cigireachta
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- An ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Is Gaelscoil tumoideachais caitliceach í seo.
Spriocdháta: 17 Iúil 2012
Cúntóir riachtanas speisialta
Iúil 4, 2012
Tá cúntóir riachtanas speisialta á lorg ag Scoil Adhamhnáin, Co. Dhún na nGall.
Cuirfear tús leis an tréímhse oiliúna ar 31 Lúnasa 2012.
Is post uaireanta Naíonáin atá sa phost seo
Iarratais:
Is post i scoil Ghaeltachta í seo agus glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin.
Seolfar iarratais tríd an bpost chuig:
FAO An Cathaoirleach,
Scoil Adhamhnáin
An Luinnigh
Doire Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir chlúdach
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
- An ghnáth fhoirm iarratais don SNA
Spriocdháta: 9 Iúil 2012
Bainisteoir / Stiúrthóir Naíonra
Iúil 2, 2012
Tá bainisteoir / stiúrthóir a lorg ag Naíonra Montessori de hÍde, Órán Mór, Contae na Gaillimhe.
Post lánaimseartha: Seirbhís seisiúnach l (9 r.n. go 12 i.n. agus 12 15i.n. go 3.15i.n.)
Riachtanais:
- Meas agus ómos do pháistí óga
- Ar a laghad teastas FETAC Leibhéal 7/8 Mórdhámhachtain i gCúram Leanaí .
- Líofacht i nGaeilge (labhartha agus scríofa) agus líofacht i samhail Lán Tumadh luath
- Eolas agus tuiscint críochnúil ar chleachtais agus polasaithe cúram leanaí.
- Réamh thaithí ar fhoireann a bhainistiú.
- Inniúlacht i gcáipéisí deontais a chomhlíonadh (ECCE)
- Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta d’ardchaighdeán, ag plé le foireann agus daoine i gcoitinne.
- Cumas seirbhís d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a choinneáil sa Naíonra.
- Tuarastal coimhlinte ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí.
Iarratais:
Litir iarratais agus CV chuig: naionra@ymail.com nó:
Naíonra Montessori de hÍde,
Gaelscoil de hÍde,
Órán Mór,
Contae na Gaillimhe.
Dáta deireadh iontrála ná Máirt 24ú Iúil 2012.
Próiseas céimithe earcaíochta a bhéas ann más gá.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Naíonra Montessori de hÍde Teo.
Maoinithe ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Forbairt Náisiúnta 2007-2013
Cúntóir riachtanas speisialta, Co. Dhún na nGall
Iúil 2, 2012
Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i nGaelscoil Éirne, Co. Dhún na nGall Ní mór do gach iarrthoir Gaeilge liofa a bheith aige/aici
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur chuig:
FAO: Colleen Ní Fhaoláin, Cathaoirleach
Gaelscoil Éirne,
Fearann an Bhaile,
Béal Átha Seanaidh,
Co. Dhún na nGall
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
Teistiméarachtaí scríofa
Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Tuilleadh eolais: 087 6445761 Spriocdháta: 19 Iúil 2012
Túsdáta: 29 Lúnasa 2012