Méid an Téacs

An-Scléip i ‘Clasach’!

Nollaig 1, 2017

Bhí amharclann Clasach, Cluain Tarbh, beo beathaíoch ar an Aoine, 1 Nollaig, seo caite agus an réamhbhabhta deireanach de chuid  an chomórtais tallainne, Scléip 2018, ar bun !  Tá an comórtas á eagrú ag Gael Linn do iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre, le maoiniú ó Foras na Gaeilge.
Bhí iomaitheoirí ó deich ( 10 ) Gaelcholáiste i gCúige Laighean i láthair don ócáid,  agus toisc an t-ardú ollmhór atá tagtha ar líon na rannpháirtithe i mbliana, bhí an dara halla in úsáid do na comórtais aonaracha, fiú !

Bhí scoláirí ó Bhaile Átha Cliath -Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Dúilll, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín – mar aon le  scoláirí  a thaisteal ó Chill Dara agus ó Cheatharlach, i measc na n-iomaitheoirí a rinne  léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha.

Jessica Dingle ó Choláiste Íosagáin – duine de bhuaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair  ) – Sóisear’.

Jessica Dingle ó Choláiste Íosagáin – duine de bhuaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear’.

GG 9 Tadhg Ó GrifiínTHUMBNAIL

Bhí Tadhg Ó Grifín ó Ghaelcholáiste Cheatharlach an-sásta lena lá ag réamhbhabhta ‘Scléip 2018’ – beidh sé san iomaíocht anois sa chomórtas amhránaíochta sinsearach ag an gcraobhchomórtas i mí Eanáir!

An grúpa ‘Ré Nua’ ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon ar ardán ag an réamhbhabhta – beidh siad le cloisteáil arís sa chomórtas do ghrúpaí sóisearacha ag an gcraobhchomórtas ar an 31 Eanáir 2018 !

An grúpa ‘Ré Nua’ ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon ar ardán ag an réamhbhabhta – beidh siad le cloisteáil arís sa chomórtas do ghrúpaí sóisearacha ag an gcraobhchomórtas ar an 31 Eanáir 2018 !

Roghnaíodh Mia, Sophie agus Alannah ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, le dul ar aghaidh go craobhchomórtas ‘Scléip 2018’ sa rannóg shóisearach den chomórtas do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan.

Roghnaíodh Mia, Sophie agus Alannah ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, le dul ar aghaidh go craobhchomórtas ‘Scléip 2018’ sa rannóg shóisearach den chomórtas do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan.

Bhain an lucht féachana mhór ard-taitneamh as an seó bríomhar ó thús deireadh!  Tugadh an-tacaíocht do gach réalta óg a chuaigh ar stáitse,  cé go raibh teannas an chomórtais le brath anois is arís, agus bronnadh teastais molta orthu uilig!  Ba iad Máire Uí Mhurchú ( Rinceoir), Síle Ní Dhuibhne ( Dramadóir ), Enda Reilly ( cumadóir/amhránaí ) agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad  ón ngrúpa IMLÉ! )  a bhí ag moltóireacht, agus bhíodar aontaithe gurb iad na míreanna a leanas a leanfadh na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an iarthair, an deiscirt agus an tuaiscirt  go hamharclann Clasach arís don chraobhchomórtas ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018 – scaoileadh dhá mhír ar aghaidh chuig an chraobh in aon rannóg d’aon chomórtas ina raibh 6 iomaitheoir/grúpa nó níos mó páirteach ann ( ní in aon ord ar leith ! ):

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sóisear :
1.‘Eitre na Fuaime’, Gaelcholáiste Cheatharlach

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sinsear :
1. ‘Eiliminteach’, Gaelcholáiste Cheatharlach
Sceitse Nuachumtha:
1. ‘An Toghchán’, Gaelcholáiste Chill Dara
Slua-amhránaíocht:
1. ‘Despacito’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sóisear:
1. Jessica Dingle, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair
2. Shónagh Ní Threabhair, Gaelcholáiste Cheatharlach
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan (Aonair ) Sinsear:
1. Sorcha Bríd Ní Chroidheán, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin
2. Tadhg Ó Grifín, Gaelcholáiste Cheatharlach
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):

1.Conall Mac Eochagáin, Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
1. Tadhg Páirceir, Coláiste Cois Life, Leamhcán

Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan (Grúpaí) Sóisear:

1.‘Ré Nua’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
2. Mia, Sophie & Alannah, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Amhránaíochta Comhairseartha le féintionlacan (Grúpaí) Sinsear:

  1. ‘Fanacht siar’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
  2. ‘Taboo’, Gaelcholáiste Cheatharlach

Treise leo uilig agus lena gcuid múinteoirí a spreag iad le bheith páirteach sa chomórtas !