An-Scléip i Muineachán!
Nollaig 7, 2016
‘Séasúr an ghrá’, Coláiste Lú, Dún Dealgan a tháinig sa chéad áit sa chomórtas Slua-Amhránaíocht ( Sóisear ) ag réamhbhabhta Scléip Gael Linn 2017 i Muineachán

‘Donald Trump’ i measc lucht sceitse ‘Meascán Mearaí’ ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, a bheidh ag gabháil san iomaíocht i gcraobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017 ar an 2 Feabhra 2017 in amharclann Clasach, BÁC
Bhí atmaisféar iontach in Amharclann an Gharáiste, Muineachán, ag réamhbhabhta an tuaiscirt de chomórtas Scléip Gael Linn ar an Déardaoin, 1 Nollaig seo caite ! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha.
Bhí iomaitheoirí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, mar aon le scoláirí Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Coláiste Oiriall, Muineachán agus Coláiste Lú, Dún Dealgan i measc na rannpháirtithe a rinne léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha. Bhain an lucht féachana mhór ard-taitneamh as an seó uilig ! Tugadh an-tacaíocht do gach réalta óg a chuaigh ar stáitse, cé go raibh teannas an chomórtais le brath anois is arís!
Mhol na moltóirí, Edel Ní Churraoin, ceoltóir agus craoltóir le Raidió Fáilte, agus Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir ‘Nós’ agus láithreoir leis an BBC, na daoine óga uilig a chuaigh ar stáitse, agus thugadar aischothú agus moltaí dóibh a bheidh ina gcabhair acu amach anseo. Bhí cinntí deacra le déanamh acu tríd síos , ach bhíodar aontaithe gurb iad na míreanna a leanas a leanfaidh na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an iarthair, an oirthir agus an deiscirt go Baile Átha Cliath don chraobhchomórtas in amharclann Clasach, Fionnradharc, ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017:
Rince Cruthaitheach ( Aonair ) Sóisear: Aoife Nic Gabhann, Coláiste Oiriall, Muineachán
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Grúpa Ríoghnach’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Co. Dhún na nGall
Slua-Amhranaíocht ( Sóisear ): ‘Séasúr an ghrá’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ): Justin Ó hAgáin, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le Féintionlacan ( Sóisear ): Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Amhranaíocht Aonair Chomhaimseartha, le Féintionlacan ( Sinsear ): Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Cenainn, Co. Dhún na nGall
Grúpa Amhránaíohta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ): ‘Draíocht’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach
Grúpa Amhranaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ): ‘Cinniúint’, Coláiste Oiriall, Muineachán
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie