Méid an Téacs

An Tionscnamh Teanga: 40 Bliain ar Aghaidh

Deireadh Fómhair 16, 2015

rnlClár Faisnéise ar Raidió na Life

Dé Satharn 24ú Deireadh Fómhar

Éist leis ar Raidió na Life ar 106.4FM nó ag www.raidionalife.ie

Craolfar clár faisnéise ‘An Tionscnamh Teanga: 40 Bliain ar Aghaidh’ ar Raidió na Life 106.4 FM Dé Satharn, 24ú Deireadh Fómhar ag 11.00 r.n. Díríonn sé isteach ar ghluaiseacht raidiceach a d’fhás sna 60aidí; gluaiseacht ón bpobal aníos a d’éiligh bunscoileanna trí Ghaeilge i ngalltachtaí BÁC.  40 bliain ó shin tháinig 7 scoil lán-ghaelach ar an saol sa chathair laistigh de 10 mbliain. Bunaíodh iad sna gceantracha uirbeacha in áiteanna go raibh borradh tagtha ar an daonra & i gceantracha lucht oibre nach raibh traidisiúin Gaeilge ann. Roghnaigh Dubs & daoine a bhí bogtha ón tuatha; daoine le Gaeilge & gan Ghaeilge; daoine le tuairimí láidre polaitiúla & iad siúd nach raibh, dul sa tseans & oideachas trí ghaeilge a roghnú dá leanaí.

Labhrann na daoine seo le Jane Farley faoi na dúshláin a bhí rompu ag an am & na seifteanna a bhí riachtanach chun teacht timpeall ar chonstaicí ón Stáit & ón Eaglais. Bhí troid & achrann ann; cairdeas & polaitíocht; fadhbanna le séarachas & francaigh; An Poc ar Buile, Slógadh & Fame.

Is le cúnamh airgeadais ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann agus le tacaíocht bhreise ó Fhoras na Gaeilge a rinneadh an léiriúchán seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár déan teagmháil le:

Jane Farley, MACALLA TEO – Léiritheoir agus Láithreoir ‘An Tionscnamh Teanga: 40 Bliain ar Aghaidh’ ag 01 6703880 / 087 3185216 nó macallateo@gmail.com

 bai fng mac