Méid an Téacs

ANSEO Aip do mhuintir na Gaeilge

Iúil 9, 2013

Seoladh aip nua dar teideal Anseo agus dírithe ar mhuintir na Gaeilge le déanaí. 

Cruthaíonn Anseo App nasc digiteach idir lucht labhartha na Gaeilge timpeall na tíre idir fhoghlaimeoirí, ghnólachtaí, ghrúpaí pobail agus cultúrtha, scoileanna agus eagraíochtaí Gaeilge.  Príomhaidhm na haipe, atá le fáil anois ar Shiopa Aipeanna Apple agus ar an margadh Android, ná gréasáin a chruthú i measc Ghaeilgeoirí uile na tíre trí chóras suite domhanda. Úsáidtear an aip le cainteoirí eile sa cheantar a aimsiú chomh maith le comhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge, agus is féidir teacht ar ócáidí Gaeilge sa cheantar freisin.Tá Anseo maoinithe ag Foras na Gaeilge tríd an tionscnamh Nuálaíocht i Réimse an Ghnó. Bunathróidh AnseoApp an bealach ina n-úsaideann daoine an Ghaeilge. Beidh sé níos éasca chun dul i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile, chun imeachtaí agus eachtraí Gaelacha a aimsiú agus spreagfaidh sé an lucht foghlama agus Gaeilgeoirí araon chun úsáid a bhaint as an nGaeilge sa ghnáthshaol. Cabhróidh AnseoApp spás sa ghnáthshaol a bhaint amach don Ghaeilge agus chun cabhrú léi leathnú. Níos fearr fós tá sé saor agus mar sin tá an réabhlóid Anseo anseo!

Leis an aip nua Anseo is féidir Gaeilgeoirí atá in aice láimhe a aimsiú, féachaint ar a bpróifíleanna agus teachtaireachtaí a sheoladh chucu. Is féidir dul i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile atá sa cheantar agus cur le líon chairde le Gaeilge. Tá sé seo éasca agus áisiúil le AnseoApp. Buntáiste eile atá le AnseoApp ná an cumas chun ceangailt le gnóthaí Gaelacha sa cheantar agus ar fud an domhain. Is féidir le húsáideoirí na próifíleanna gnó a léamh is a fheiceáil ar léarscáil idirgnhíomhach. Spreagann AnseoApp na gnóthaí áitiúla chun úsáid a bhaint as an nGaeilge chomh maith le tacú le Gaeilgeoirí a ngnáthshaol a chaitheamh trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach cabhraíonn AnseoApp na himeachtaí a dhéantar trí Ghaeilge a aimsiú mar shampla ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus a lán rudaí eile a aimsiú ar an léarscáil idirghníomhach. Tá sé anseo, AnseoApp! Tá gach eolas ar  www.anseoapp.com 

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach