Méid an Téacs

CRUINNIÚ TEACHT ANIAR AG OIREACHTAS NA GAEILGE

Deireadh Fómhair 27, 2017

 

JPEG don chruinniú Tagus FTá cruinniú á eagrú againn ag Oireachtas na Gaeilge a bheas ar siúl i gCill Airne i mbliana. Beidh ár gcruinniú ar siúl ar an Satharn an 4ú Samhna idir a 3.00in agus a 5.00in agus beidh dhá théama á bplé ann:

Fís shóisialta don Ghaeltacht: Pobal, Ceannaireacht agus Cur Chuige agus An tSochaí Shibhialta agus an Ghaeilge

Beidh an cruinniú seo tráthúil mar go bhfuil go leor plé ar siúl i láthair na huaire maidir leis an bpleanáil teanga agus a laghad maoinithe aṫá á gcur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta lena haghaidh.

Tá tuilleadh eolais faoin gcruinniú seo ar fáil ar shuíomh nua idirlín TEACHT ANIAR ag www.teachtaniar.eu agus leis an gceangaltán thuas.