Méid an Téacs

Cúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí a bhíonn nó a bheidh ag múineadh ábhair éagsúla trí Ghaeilge

Lúnasa 15, 2017

Ionad na Gaeilge Labhartha

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

 

Cúrsa 20 Seachtaine

Luan 7.00 – 9.00 p.m., ag tosnú Dé Luain 11.09.2017.

Táille €300.

Clárú: 01.09.2017 (dáta deiridh).

 

Cur síos ar an gCúrsa

Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile.  Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoiri:

(i)      ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge

(ii)     caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga

(iii)    scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.

I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo:

Tarlúintí i rith an lae

(i)      Foclóir an ábhair atá á mhúineadh trí Ghaeilge

(ii)     Caidreamh an tseomra ranga agus an tseomra foirne

(iii)    Am sosa, am lóin, am saor, imeachtaí scoile

(iv)    Mothúcháin phearsanta (an dea-mhéin, an buíochas, an gliondar, an míshásamh, an   éiginnteacht, an faitíos srl.)

Tarlúintí i rith na seachtaine

(i)      Cruinnithe foirne

(ii)     Cluichí, clubanna

(iii)    Turasanna scoile

(iv)    Cuairteoirí, eagraíocht, an bhaint idir an scoil agus an sochaí

Tá an cúrsa seo oiriúnach do:

(i)      ábhair mhúinteoirí

(ii)     múinteoirí nua-cháilithe

(iii)    múinteoirí atá fostaithe cheana féin sna Gaelcholáistí

(iv)    múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna sna Gaelcholáistí

Speisialtóirí

Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean taithí acu).

FoirmIarrataisMúinteoirí2017

20 Week Course for Teachers who teach various subjects through Irish

This new 20 week course, beginning Monday 11th September, will offer practical assistance to teachers who teach or who wish to teach various subjects through Irish.  It will focus on the everyday language of both classroom and staffroom and will also identify suitable language websites that facilitate teaching through a second language.  Specialist subject teachers will be available to explain the unique content of their disciplines.

The emphasis throughout the course will be to tackle the routine language needs of the teacher whilst also allowing for a significant input from participants who may wish to have their own particular needs addressed.

The course will have a modest content of grammar but the emphasis will focus primarily on the spoken word and on the functional language that’s used in the classroom.

For further information please contact 021-4902314 or e-mail s.obroin@ucc.ie

1st September 2017: Latest date for receipt of application forms.