Méid an Téacs

DIALANN DÚRADÁIN An teideal Gaeilge ar  ‘DIARY OF A WIMPY KID’

Feabhra 25, 2016

An tEarrach seo, ar Lá Domhanda na Leabhar agus le linn Sheachtain na Gaeilge, tá ríméad ar theach foilsitheoireachta an Spidéil, Futa Fata, eagrán Gaeilge den tsraith mhórdhíola ‘Diary of a Wimpy Kid’ a chur i láthair ár léitheoirí.

Dialann DúradáinBhí a fhios again go raibh lucht leanúna dílis ag an tsraith cheana féín in Éirinn. Nuair a chinn orainn aontú ar theideal Gaeilge, chinn muid ar chomórtas a reáchtáil féachaint cé na moltaí a thiocfadh chun cinn. Seo mar a mhíníonn stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, an scéal: “Bhí muid ag cuartú teidil a thabharfadh léargas ar nádúr an phríomhcharachtar an leabhair, Greg Heffley – tá sé ag iarraidh clú agus cáil a bheith air, tá sé ag iarraidh bheith ar an duine is mó ar scoil a bhfuil aird agus meas air. Ach ní go rómhaith atá ag iarraidh leis an stádas sin a bhaint amach.”

Cuireadh an-suim sa chomórtas agus chuir daoine isteach air ó gach cúinne den tír. Thaitin cuid de na moltaí linn a raibh blas simplí, sothuighthe orthu: Dialann Ghreannmhar Ghreg, mar shampla, nó Dialann Rógaire Gheanúil,Dialann an Phleibín. Daoine eile, chaith said an-dua ag iarraidh aistriúchán cruthaitheach a dhéanamh ar an bhfocal sin ‘wimp’: ina measc siúd bhí  Dialann an Ghearrcaigh Mheataigh, Dialann Leaid Óg Gan Cnámh Droma, agus Dialann Óganaigh a Chaill a Mhojo.

Dialann Dúradáin 7 8 Lth Samplach

Tar éis dúinn na céadta moltaí a mheas, shíl muid gurbh fhearr díriú ar theideal a bhí gonta, ceann nach raibh rófhoclach agus ceann a raibh rithim agus fuaim cheolmhar aige. Thaitin Scríbhinn Séacla linn agus Dialann Dúramáin. Ach an ceann ba dheise linn ar fad ó thaobh fuaime, rithime agus brí, ceann a thug leis gné lárnach de charachtar Greg Heffley ná Dialann Dúradáin. I measc na mbríonna atá ag foclóir Uí Dhónaill don fhocal ‘dúradán’ tá ‘a puny, insignificant person.’

Aisling Ní Fhátharta an té a mhol agus tá luach €500 de leabhair Futa Fata bainte aici do leabharlann a scoile, Scoil Naisiúnta Thír an Fhia, Co. na Gaillimhe. Comhghairdeachas leatsa, a Aisling!

Tá áthas orainn a fhógairt go seolfar DIALANN DÚRADÁIN ar LÁ DOMHANDA NA LEABHAR, an 3ú MÁRTA I SIOPA LEABHAR EASON, SRÁID UÍ CHONAILL, BAILE ÁTHA CLIATH ag 11AM. Tá fáilte romh chách chuig an ócáid seo. Beidh aistritheoir an leabhair, Máirín Ní Mhárta I láthair le léamh agus le cóipeanna a shíniú.

Praghas RRP €9.95.  Is féidir réamhordú a dhéanamh ar an leabhar anois don scoil. Lascainí 20% ar 5 nó níos mó cóip.

w: www.futafata.ie

t:@futafata

facebook.com/futafata