Ilteangachas sna Luathbhlianta – Comhdháil ar an 18-19 Bealtaine
Márta 8, 2017
Beidh comhdháil faoi Ilteangachas sna Luathbhlianta á reáchtáil in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT), Gráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath 7, ar 18ú agus 19ú Bealtaine 2017.
Is iad na réimsí atá i gceist ná:
- Ilteangachas in Oideachas na Luathóige
- Tumoideachas sna Luathbhlianta
- An Béarla mar theanga iasachta sna Luathbhlianta
- Ról an chomhluadair maidir le tacú le hIlteangachas sna Luathbhlianta
Tá eolas faoin gcomhdháil ar fáil ag www.dit.ie/reyll agus tá an ghairm do pháipéir ar fáil ag: https://easychair.org/cfp/REYLL2017
Is é an 20ú Márta an sprioclá do na hiarratais ar pháipéir agus ar phóstaeir. Tuilleadh eolais ar fáil ó Mháire Mhic Mhathúna: maire.mhicmhathuna@dit.ie.