Méid an Téacs

Líofacht sa Ghaeilge á cheadú mar chritéir iontrála sna scoileanna lán-Ghaeilge sa Bhille Oideachais 2016

Bealtaine 10, 2018

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh ráiteas an Aire Oideachais go bhfuil leasú le cur i bhfeidhm sa Bhille Iontrála Scoile a thabharfaidh cead do scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí sna polasaithe iontrála a bhfuil líofacht aois-oiriúnach acu sa Ghaeilge, agus a thógann aon riachtanais speisialta oideachais ag an bpáiste san áireamh sa mheasúnú ar céard is líofacht aois-oiriúnach ann.  Baineann an foráil seo le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, sé sin 30% de bhunscoileanna agus 25% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tá an foráil seo á cheadú mar aitheantas ar na dúshláin a bhíonn ann áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge de bharr an éilimh mór atá orthu, nach bhfuil scoileanna in ann freastal air. Aithníonn an Rialtas nach bhfuil sé inmhianta i dtéarmaí beartais stáit nach bhfuil ceart uathoibríoch ag páistí leanúint ar aghaidh tríd na leibhéil ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge más sin a rogha.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas ina leith, “Aithnímid gur iarracht mhacánta atá ann ón Roinn agus ón Rialtas cosaint a thabhairt do pháistí le Gaeilge oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge, bíodh is nach bhfuil sainiú déanta sa bhfoclaíocht ar cén leibhéal líofachta a bhfuiltear ag súil leis ó pháiste. Táimid an-bhuartha áfach nach bhfuil sé sainithe go mbeidh cosaint ann don pháiste atá á thógáil le Gaeilge.  Tacaíonn an eagraíocht le feachtas Cearta Oideachais gur ceart meicníocht cinnte a bheith ann chun an mionlach beag de chainteoirí dúchais a chosaint chun go bhfaighfidís oideachas ina t(h)eanga bhaile, agus beimid ag súil leis go mbeidh foráil ann sa reachtaíocht chuige sin.”

I gcomhthéacs éilimh Gaeloideachas go dáta go dtógfar na naíonraí san áireamh sa dréachtú Bille i dtéarmaí cosaint don teanga agus don tumoideachas, deir sí “aithnímid go bhféadfadh an foráil seo cosaint a thabhairt do pháistí a d’fhreastal ar naíonra chun go mbeidh deis acu tógáil ar na scileanna teanga a shealbhaigh siad agus iad ag aistriú go bunscoileanna lán-Ghaeilge. Táimid an-sásta go bhfuaireamar éisteacht ar sin.”

Aithnítear áfach go mbeidh dúshláin leis an gcur i bhfeidhm ag leibhéal na scoile sa mhéid is go bhfágfar faoi na scoileanna a mheas céard is leibhéal líofachta aois-oiriúnach. Deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán Gaeloideachas, “níl sainiú déanta air go fóill, agus ní fios an ndéanfar. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán seo, tá sé tábhachtach go mbreathnóimid ar na heiseamláir idirnáisiúnta mar a bhaineann le dea-chleachtas sna córais eile iontrála a thugann cosaint agus caomhnú don mhionteanga.”

CRÍOCH