Méid an Téacs

PREASRÁITEAS: FÁILTÍONN GAELOIDEACHAS ROIMH NA TACAÍOCHTAÍ A BHEIDH AR FÁIL DO SCOILEANNA GAELTACHTA FAOIN SCÉIM AITHEANTAIS.

Márta 29, 2018

LE FOILSIÚ LÁITHREACH: 29 MÁRTA 2018

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh eisiúint an chiorcláin maidir leis an gcéad chéim fheidhmithe eile a bhaineann leis an scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta don tréimhse Aibreán 2018 – deireadh na scoilbhliana 2018/2019. Leagtar amach na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do scoileanna, idir deontas d’acmhainní, forbairt ghairmiúil leanúnach bhreise agus uaireanta breise do thacaíocht teanga na Gaeilge.

Fáiltítear freisin roimh an deis atá curtha ar fáil do scoileanna nár chláraigh leis an scéim go fóill léiriú spéise a chur isteach le bheith páirteach sa scéim aitheantais agus a bheith incháilithe chun na hacmhainní agus tacaíochtaí céanna a fháil ar aon dul le scoileanna atá páirteach sa scéim cheana.

Gealltar uaireanta breise páirtaimseartha do thacaíocht theanga na Gaeilge sa chiorclán nua – tacaíocht a bhí lárnach d’éilimh na scoileanna agus iad ag clárú don scéim aitheantais. Cé go bhfáiltítear go mór roimh na n-uaireanta breise, tá an méid is lú tacaíochta (5 uair an chloig sa tseachtain sa bhunscoil) geallta do na scoileanna is lú (faoi bhun 54 dalta sa bhunscoil), rud a dhéanann cur i bhfeidhm an luath-thumoideachais sna scoileanna beaga níos dúshlánaí, mar aon leis an tacaíocht idirdhealaithe idir cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí. Ag an iar-bhunleibhéal, cuirfear idir 7-10 n-uair an chloig bhreise teanga ar fáil de réir méid na scoile, tacaíocht a fháilteofar go mór roimhe. Tacaíonn Gaeloideachas le héileamh na scoileanna go mbeadh forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil ar bhonn inseirbhís uile scoile ag an iar-bhunleibhéal chun tuiscintí agus saineolas ar an tumoideachas a chur chun cinn thar pobal teagaisc na scoile ar fad.

Agus í ag caint faoi na scoileanna beaga i gcomhthéacs na scéime, deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán Gaeloideachas, “Cé go bhfáiltím go mór roimh na tacaíochtaí breise seo do na scoileanna uile, ní mór dúinn a bheith feasach faoi shuíomh leochaileach na scoileanna beaga agus a thógáil san áireamh gur scoileanna beaga idir 2-3 oidí formhór na scoileanna Gaeltachta, agus iad suite sna ceantair is láidre Gaeltachta go hiondúil. Bíonn brú ach go háirithe ar na scoileanna seo, atá i mbun ilranganna a theagasc ó thaobh na naíonáin a scarúint ó Rang 1 agus 2 do theagasc an Bhéarla agus beidh dúshláin leanúnacha ann le sárú”.

Molann Gaeloideachas go mbeadh cead ag na scoileanna na huaireanta a chnuasú le huaireanta tacaíochta foghlama agus acmhainne chun poist a chruthú ina aon scoil amháin chun go mbeidh leanúnachas ann do na páistí agus don mhúinteoir, ach an dúshlán a shárú múinteoirí leordhóthanacha a bheith ar fáil le hinniúlacht chuí sa teanga le teagasc i scoil Ghaeltachta.

Déanann Gaeloideachas comhghairdeas mór leis na dá institiúid a bronnadh conarthaí orthu le tabhairt faoi sholáthar cláir nua oideachais mhúinteoirí trí mheán na Gaeilge. Fáiltíonn an eagraíocht go mór roimh an dea-scéal go mbeidh Institiúid Oideachais Marino ag cur tús le clár oiliúna ceithre bliana do bhunmhúinteoirí Meán Fómhair 2019 agus go mbeidh máistreacht san oideachas lán-Ghaeilge á sholáthar ag Coláiste Mhúire Gan Smál.
Tréaslaíonn an eagraíocht leis an dá institiúid agus iad ag léiriú ceannasaíochta i bhforbairt chlár ceannródaíocha a dhíreoidh go huile is go hiomlán ar shainriachtanais na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

CRÍOCH.

Teagmháil

Anna Ní Chartúir, Uachtarán, Gaeloideachas
085-1651097

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas

01-8535190 | 086 8050335 | blathnaid@gaelscoileanna.ie

Seán Ó hArgáin, OCP, Gaeloideachas
087-4192322

Facebook @Gaeloideachas |Twitter @Gaeloid
www.gaeloideachas.ie

Gaeloideachas

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.