Méid an Téacs

Seisiún Oiliúna ar úsáid www.irishforparents.ie

Meán Fómhair 30, 2016

Tá an suíomh www.irishforparents.ie á fhorbairt de réir a chéile agus beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 26 Samhain (dáta nua) i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.

Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie le clárú don oiliúnt. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.