Méid an Téacs

Suirbhé ar phátrúnacht foilsithe – Gaelscoil nua do Bhiorra, Contae Uíbh Fhailí

Aibreán 3, 2013

Tá an-áthas ar An Foras Pátrúnachta gur aithin suirbhé na Roinne ar thuismitheoirí an t-éileamh ollmhór atá ar oideachas lán-Ghaeilge i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí. Moladh i dtuarascáil na Roinne gur cheart 23 scoil ilchreidmheach a bhunú, Gaelscoil i mBiorra ina measc. D’aithin an suirbhé go bhfuil éileamh mór ar oideachas lán-Ghaeilge i gceantair éagsúla; Mullach Íde, Na Sceirí agus Port Mearnóg i mBaile Átha Cliath san áireamh.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar An Foras Pátrúnachta, go raibh tuismitheoirí i mBiorra ag obair le fada chun scoil lán-Ghaeilge a fháil agus go raibh ríméad air gur éirigh leo. Tá An Foras Pátrúnachta ag súil go mór bheith ag obair leis an Eaglais Chaitliceach sa phróiseas seo.Is léir ó na torthaí eile sa tsuirbhé go bhfuil éileamh láidir d’oideachas lán-Ghaeilge timpeall na tíre. Is léir freisin go bhfuil éileamh ann don mhúnla atá á sholáthar ag An Foras Pátrúnachta.De réir tuarascáil na Roinne, bhí éileamh idir 4%agus 31% ar oideachas lán-Ghaeilge sna ceantair éagsúla.

Luíonn sé seo leis an méid atá a chur in iúl ag An Foras Pátrúnachta ó thús an phróisis. Tá cearta ag na tuismitheoirí agus daltaí seo agus tá dualgas oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar dóibh.Tá iarracht déanta ag an Roinn Oideachais cothrom na féinne a chinntiú sa tsuirbhé ach braitear nach é seo an múnla chun freastal ar thuismitheoirí nach bhfuil mar chuid den tromlach. Cad mar gheall ar na tuismitheoirí a roghnaigh oideachas lán-Ghaeilge sna ceantair éagsúla?

Chuir An Foras Pátrúnachta na buarthaí seo in iúl don Roinn Oideachais sula ndearnadh an suirbhéar chúig cheantar píolótach agus arís nuair a foilsíodh na torthaí ó na ceantair sin. Mar an t-aon phátrún lán-Ghaeilge, beidh An Foras Pátrúnachta ag cur in iúl don Roinn ár n-imní go bhfuil faillí á dhéanamh ar phaistí, ar thuismitheoirí agus ar cheantair mura bhfuil an próiseas chun cinntiú go bhfuil aitheantas á thabhairt dóibh agus a mianta.Is gá féachaint ar cheist na Gaeilge agus ar na scoileanna lán-Ghaeilge go comhtháite. Tá sé soiléir nuair a fhaigheann daltaí agus tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge go n-aithníonn siad na buntáistí agus go bhfuil siad rí-shásta leis an múnla. Tá sé soiléir freisin nuair a éiríonn leis An Foras Pátrúnachta tuismitheoirí a chur ar an eolas faoin múnla seo go roghnaíonn siad é dá bpáistí.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra go bhfuil An Foras Pátrúnachta, an t-aon phátrún a bunaíodh chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn, ag obair go tréan chun tacaíocht a thabhairt do na scoileanna atá acu agus chun scoileanna nua a bhunú. Tá ról fíorthábhachtach á chomhlíonadh ag An Foras Pátrúnachta le tacaíocht ónár scoileanna, ónár dtuismitheoirí agus ó phobal na Gaeilge i gcoitinne. Táimid buíoch as seo agus ag súil leis an méid atá bainte amach go dtí seo a fhorbairt.