Méid an Téacs

Feis & Blood

Samhain 5, 2010

Seó nua de chuid TG4 atá ar thóir an teaghlach is siamsiúil in Éirinn

Ó The Clancy Brothers go Crystal Swing, tá teaghlaigh na hÉireann ag cur siamsaíocht ar fáil dúinn ar feadh na mblianta. D’éirigh go hiontach le teaghlaigh na hÉireann ina gcuid seánraí áirithe, cibé an papcheol ó The Corrs nó damhsa sean-nós ó na Cunninghams atá i gceist.

Tá sé in am anois teaghlach nua a fháil a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don tír.

Thar 13 eipeasód, beidh seó nua de chuid TG4 FEIS & BLOOD, ar thóir teaghlach tréitheach nua.
Ní ghlacfar ach le baill den theaghlach céanna amháin i ngach iarratas agus ní mór do bheirt ar a laghad a bheith páirteach ann.

Mar sin, más rud é go bhféadfadh do theaghlach a bheith mar an Clannad nua, mó más maith leat a bheith ag canadh agus ag damhsa le do dheartháir, do dheirfiúr, do thuismitheoirí nó le do sheantuismitheoirí, ba mhaith linn cloisteáil uait. B’fhéidir go mbeith leat a bheith ag canadh Ceol Tíre le do neacht? Nó an gcaitheann tú tráthnónta Dé Domhnaigh ag déanamh bhur leagan féin de Riverdance le do chol ceathracha?  Nó b’fhéidir go dtaitníonn leat a bheith ag seinm ceol le d’uncail? Cuma cad í an tallann ach déan teagmháil linn agus cuir isteach ar thriail.

Conas iarratas a dhéanamh:
Logáil isteach go simplí ar láithreán gréasáin TG4, http://www.tg4.ie/feis / www.tg4.ie agus cliceáil ar FEIS & BLOOD agus líon isteach an fhoirm iarratais. Mar rogha air sin, is féidir leat 01-284 3877 a glaoch agus fiafraigh do Chríona nó do Shiobhán.

Chomh luath agus a bheith iarratas curtha isteach agat, déanfar teagmháil leat chun freastal ar an triail is gaire duitse.
Tar éis na trialacha, tabharfar cuireadh do na teaghlaigh is siamsúla a bheith páirteach sa chlár. Má thugtar cuireadh duit a bheith páirteach sa tsraith, is í an chéad chéim eile ná clár an chéad bhabhta a thaifeadadh i mBaile Átha Cliath.

Beidh na cláir don chéad bhabhta á dtaifeadadh ar an 4,5,6,11,12 agus 13 Eanáir 2011. Má roghnaítear don chlár tú, beidh ort teacht go Baile Átha Cliath ar cheann AMHÁIN de na dátaí sin.

Mar a oibríonn an tsraith:
Beidh roinnt teaghlach éagsúil páirteach i ngach ceann de na 10 gclár céad bhabhta. I ngach ceann de na cláir sin, roghnófar teaghlach amháin le teacht ar ais don bhabhta ceathrú ceannais. Agus mar sin, tar éis na cláir chéad bhabhta, beidh 10 iomaitheoir fágtha sa bhabhta ceathrú ceannais.
I gcláir 11, 12 agus 13 beifear ag fáil réidh leis na hiomaitheoirí ceathrú ceannais teaghlach i ndiaidh teaghlaigh go dtí nach mbeidh fágtha ach buaiteoir na sraithe.

Beidh painéal na moltóirí, a bheidh comhdhéanta de 3 shaineolaí i réimse na siamsaíochta, ag coinneáil súil ghéar ar na teaghlaigh. Tá painéal na moltóirí freagrach as an teaghlach buacach a roghnú as an deich gclár chéad bhabhta. Déanfaidh siad na cinntí tábhachtacha chomh maith i gcláir 11, 12 agus 13, agus roghnóidh siad buaiteoir na sraithe.

An bhfuil bua na siamsaíochta ag do theaghlach? An bhfuil an siamsaíocht go smior i do chuid fola?