Méid an Téacs

Folúntais ar fáil le Gaelscoil an Bhradáin Feasa.

Iúil 4, 2017

 

download (2)

 

 

 

 

Tá trí phost ar chonarthaí seasta bliana ar fáil le Gaelscoil an Bhradáin Feasa.

Daoine fuinniúla, le sár-scileanna ceannasaíochta, múinteoireachta, cumarsáide agus riaracháin atá ag teastáil. Tá árd chaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa ag teastáil ó iarratasóirí. Beifear ag súil go bhfuil suim mhór sa Ghaeloideachas ag iarratasóirí a chuireann isteach ar an bpost seo.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig postgsanbf@gmail.com roimh an seachtú lá deag de mhí Iúil.

Iarratais i nGaeilge amháin led’ thoil. Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin. Déanfar teagmháil leo siúd amháin a chuirfear ar ghearr liosta. Tá an scoil i ndeisceart Dhroichead Átha- 30 nóiméad tiomána ó Dhroim Chonrach.