Méid an Téacs

Folúntas i Naíonra na nDéise

Iúil 27, 2017

Tá Bord Bainistíochta Naíonra na nDéise ag lorg iarratais do Stiúrthóir Naíonra don scoilbhliain 2017/ 2018. Beifear ag súil le hiarratais ó dhaoine le;
Naíonra na nDéise

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Líofacht sa Ghaeilge.

Íoscháilíocht de QQI Leibhéal 5 i gCúram Leanaí.

Fianaise den phróiséas ghrinnfhiosrúcháin a bheith críochnaithe ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Árdscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.

Taithí praiticiúil i suíomh cúram leanaí.

Fianaise den fhorbairt gairmiúil.

Grá agus cúram do leanaí óga agus tús áite a thabhairt dá riachtanais i gcónaí.

Tá an fhoirm iarratais cuí ar fáil ar www.gaelscoilnandeise.ie. Ba cheart an fhoirm a sheoladh chuig postannagnd@gmail.com roimh an gCéadaoin 16ú Lúnasa 2017.