Méid an Téacs

Folúntas Oibrí Cúram Leanaí

Lúnasa 3, 2017

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo

 

Tá an Crann Taca (Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo) ag lorg iarrthóirí do phoist lánaimseartha agus páirt aimseartha mar Oibrí Cúram Leanaí.

Is Naíolann/Naíonra agus seirbhís iar/réamhscoile lán aimseartha é An Crann Taca a chuireann Seirbhís Cúraim agus Réamhoideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí óga ó 5 mhí go 12 bliain d’aois.

Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 nó níos airde i gCúram Leanaí riachtanach.  Ní mhór do iarrthóirí  Gaeilge líofa a bheith acu.

Roghnófar iarrthóirí freisin a bheadh sásta a bheith ar phainéal don Ionad do aon phost/folúntais sa todhchaí agus i gcóir clúdach tinnis, saoire agus srl.

Ní mhór iarratas agus Curriculum Vitae a sheoladh roimh an Aoine 18 Lúnasa 2017 chuig:

An Rúnaí,

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo

An Cnoc

Indreabhán,

Co. na Gaillimhe

Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig  ittt@eircom.net nó glaoch a chur ar 593132

Is fostóir comhionannas deiseanna é an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo.

 

1 23