Gradaim Chumarsáide an Oireachtais
Bealtaine 23, 2013
Ba é fear na Ceathrún Rua, Cormac Ó hEadhra, buaiteoir mór na hoíche ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine seo caite nuair a bronnadh an duais do láithreoir na bliana air agus freisin an gradam do chlár raidió na bliana ar a chlár Cormac ag a Cúig.
Is clár irise é Cormac ag a Cúig, le béim ar chúrsaí reatha, tuairisciú, plé, díospóireacht agus anailís ar scéalta nuachta an lae, a bhíonn le cloisteáil ag 5.00in ó Luan go hAoine.
Dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin: “Comhghairdeas le Cormac, agus le foireann an chláir,ar na gradaim seo.
Tá Cormac ag a Cúig I ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta ó tháinig sé ar an aer i mí Mheán Fómhair seo caite. Is craoltóir nádúrtha é Cormac agus tá sé ar dhuine de shárchraoltóirí na tíre seo,i mBéarla nó i nGaeilge.”
Seo leanas liosta iomlán na mbuaiteoirí:
Teilifís: Scannán/Clár
Teilifíse na bliana:Lón sa Spéir, Sónta Teo.
Teilifís:Scannán/Sraith Theilifíse na bliana:
Imeall,Redshoe Productions.
Teilifís: Scannán/ Craoltóir Teilifíse na bliana:
Dara Ó Cinnéide, Seo Spóirt.
Aisteoir na Bliana.
Tara Breathnach,Tina O’Dowd, Ros na Rún.
Raidió: Clár/Sraith Raidió na Bliana.
Cormac ag a Cúig,Raidió na Gaeltachta.
Raidió: Clár/Craoltóir
Raidió na Bliana.Cormac Ó hEadhra, Raidió na Gaeltachta.
Iriseoir/Colúnaí na Bliana.
Seán Tadhg Ó Gairbhí,Comhar, The Irish Times.
Suíomh idirlín na Bliana.
www.raidionalife.ie
Buaicghradam chumarsáide: Pat Butler. Gradam speisialta: Raidió na Life – 20 bliain ar an aer.
Foilsithe ar 23 Bealtaine 2013