Ionsaí mór fógartha do Ghaelscoileanna le hardú suntasach sa Chóimheas Daltaí le Múinteoir
Márta 7, 2011
Is ábhar ollmhór imní é do ghaelscoileanna na tíre seo fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoirí atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá beagán níos fábharaí ná an gnáthchóimheas. D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.
Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheidh an-tromchúiseach agus a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Tá impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Tubaist é seo do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoirí acu, ach go háirithe. Tá suas go 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm. Caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoir agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil. Ardófar líon na ndaltaí sna ranganna agus beidh go leor ranganna meascaithe ann le líon ard daltaí iontu dá bharr. Bheadh ar roinnt scoileanna idir 17-23 daltaí sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 leis na múinteoirí thuasluaite a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu don chuid is mó. Aon uair a athraíodh an sceideal go dtí seo is dalta nó beirt sa bhreis a bhí de dhíth!! Athrú raidiceach, tromchúiseach atá san athrú seo.
Dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh “In anneoin na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus maíomh an Rialtas nach mbeadh aon athrú ag teacht ar an gcóimheas daltaí le múinteoirí i mbliana, is léir nach raibh siad ag smaoineamh ar na gaelscoileanna nuair a rinneadh an ráiteas sin. Ardaíonn an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais.Is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís.”