Leabhar Mór na nAmhrán
Iúil 16, 2013
Focail, stair agus cúlra d’os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge
Seolfaidh an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig, Leabhar Mór na nAmhrán i dTigh Mheaic i gCarna ar Lá Mhic Dara, Dé Máirt, an 16 Iúil, ag 7pm.
Is é an craoltóir, Máirtín Tom Sheáinín, a bheidh ina fhear an tí. Tá fáilte roimh chách chuig an seoladh.
“Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair.
Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna.”
– Micheál Ó Conghaile
Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann. Tuilleadh eolais le fáil ach cliceáil anseo.
Leabhar Mór na nAmhrán, (clúdach crua, €25, 890lth.) foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.
Ócáidí eile ar na bacáin…
Scoil Acla, Oíche Ghaelach
Dé Máirt, 30 Iúil
Beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as Maigh Eo atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán mar chuid den Oíche Ghaelach ag Scoil Acla na bliana seo.
www.scoilacla.ie
Daonscoil na Mumhan, Ceoilchoirm
Déardaoin, 22 Lúnasa.
Beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as An Rinn atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán mar chuid de cheoilchoirm na Daonscoile i mbliana.
www.daonscoil.com
Cló Iar-Chonnacht
t 091-593307
f 091-593362
i www.cic.ie
poibliocht@cic.ie