‘Ní féidir linn glacadh le polasaí Gaeilge Fhine Gael’
Feabhra 10, 2011
Tá fáilte curtha ag Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge roimh chuid de leasuithe Fhine Gael (FG) ar a bpolasaí Gaeilge.
Dar leis áfach, beidh an eagraíocht ag leanúint ar aghaidh ag cur brú ar iarrthóirí FG seasamh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Dúirt de Spáinn le Foinse: “Tá dul chun cinn déanta ag an bpáirtí sin ar an bpolasaí oideachais ach ní féidir linn glacadh leis toisc go bhfuil siad fós ag caint faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. “Tá stiúrthóir againn i ngach dáilcheantar a bheidh ag ceistiú na n-iarrthóirí ar fad faoin nGaeilge sna seachtainí roimh an olltoghchán.” Tugadh deis do na hurlabhraithe éagsúla: an tAire Pat Carey (Fianna Fáil), Frank Feighan (Fine Gael), Brian O’Shea (Páirtí an Lucht Oibre) agus Aongus Ó Snodaigh (Sinn Féin) cur síos a dhéanamh ar a bpolasaithe Gaeilge ag seimineár faoin Straitéis 20 Bliain Déardaoin seo caite i mBÁC. Ní raibh urlabhraí ón gComhaontas Glas i láthair ar an oíche.
Bhí go leor ceisteanna á gcur ar na hurlabhraithe Gaeilge tar éis na n-óráidí, Frank Feighan ach go háirithe. Má éiríonn le FG san olltoghchán ag deireadh na míosa seo, tá sé ar intinn ag an bpáirtí ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. Mar sin, bhí an-suim acu siúd a bhí i láthair sa mhéid a bhí le rá ag Frank Feighan ina thaobh.
Seo cuid de na pointí ó pholasaí Gaeilge FG a luaigh Feighan ar an oíche:
- Cuirfidh an páirtí cabhair ar fáil do na coláistí samhraidh.
- Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin tar éis an olltoghcháin leis na páirtithe atá bainteach leis an nGaeilge, maidir le hábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge.
- Déanfar machnamh ar phointí breise a thabhairt dóibh siúd a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an ardleibhéal.
- Bronnfar 50 faoin gcéad de na marcanna don scrúdú béil.
- Bunófar scála líofachta náisiúnta a dhéanfaidh meastacháin ar an gcumas Gaeilge atá ag muintir na hÉireann.
- Dúblóidh an polasaí nua líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an Ardteist faoi 2018.
Dar le hAodhán Ó Deá, an t-oifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Léinn, is maith an rud é gur thuig FG nach raibh lucht na Gaeilge sásta leis an bpolasaí mar a bhí. “Tá siad tar éis roinnt smaointe eile a chur chun tosaigh ach níl an fhianaise acu a thacaíonn le deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach” a dúirt sé. “Bíonn mé ag tabhairt cuairte ar na cumainn Ghaelacha éagsúla in ollscoileanna timpeall na tíre agus feictear domsa an difríocht a bhíonn ann; bíonn na mic léinn ag baint taitnimh as an nGaeilge ag an ollscoil.”
Dúirt Aodhán nach bhfuair sé an t-aiseolas céanna ó na cuairteanna a thug sé ar ranganna idirbhliana. Labhair Frank Feighan le Foinse tar éis na hócáide agus bhí sé sásta go leor leis an gcaoi a ndeachaigh sé: “Tuigim go bhfuil dearcthaí éagsúla ag daoine i leith na teanga ach ag deireadh an lae, tá an aidhm chéanna againn ar fad.Is maith an rud é go bhfuil díospóireacht faoin ábhar seo oscailte anois.”
Bhí ar Feighan an seimineár a fhágáil beagán luath le freastal ar chruinniú eile i mBéal na mBuillí, Contae Ros Comáin. Dar leis, ba é an chéad cheist a cuireadh air ann ná ceist faoi pholasaí Gaeilge Fhine Gael!
Foinse – Orla Bradshaw