Méid an Téacs

Aitheantas don TEG

Iúil 21, 2011

Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt don cháilíocht B2 i dTeastas Eorpach na Gaeilge mar chritéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.

Is é Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉirinn, Má Nuad a bhain an t-aitheantas seo amach agus tá ard-mholadh ag dul don Ionad céanna as an obair atá déanta acu i bhforbairt chóras an TEG.  Don chéad uair anois tá córas cáilíochta ann do dhaoine  nach bhfuair cáilíocht sa Ghaeilge roimhe seo, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh.  Is féidir le foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla oideachais tosú amach ag Leibhéal A1 agus dul trí leibhéil TEG go mbainfidh siad B2 amach. Go dtí seo, ní raibh de rogha ag foghlaimeoirí fásta nach raibh cáilíocht fhoirmiúil Gaeilge acu ach an scrúdú Ardteiste Gaeilge Ardleibhéal a dhéanamh nó freastal ar chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge sna hollscoileanna ar fud na tíre.  Ar ndóigh níl an siollabas ná an scrúdú Ardteiste ceangailte leis an bhfráma coitianta Eorpach do mhúineadh teangacha nó níl sé dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, agus ní i gcónaí a bhíonn daoine in ann freastal ar chúrsaí Dioplóma. Beidh an t-aitheantas nua don chóras TEG ina bhuntáiste ach go háirithe d’fhoghlaimeoirí fásta ar mian leo áit a bhaint amach ar na cúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oiliúna, cúrsaí a bhfuil an-éileamh orthu i láthair na huaire.

Gawlay Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha