Méid an Téacs

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht Scéim mhaoinithe áiseanna teagaisc 2015

Feabhra 25, 2015

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht
Scéim mhaoinithe áiseanna teagaisc 2015

Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh iarratais ó dhaoine aonair, ó ghrúpaí, ó chomhlachtaí, agus ó fhoilsitheoirí a bhfuil suim acu áiseanna a sholáthar a bhaineann le foghlaim nó teagasc na Gaeilge nó le hoideachas trí Ghaeilge.

Má chuirtear maoiniú ar fáil, braithfidh luach an mhaoinithe ar an gcineál áise atá á moladh.

Tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie

Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm ar an gCéadaoin 25 Márta 2015.

Maoiniú áiseanna

Cé na cineálacha áiseanna a bhfuil suim ag COGG iontu?
Tá suim ag COGG in áiseanna a bhaineann le foghlaim/ teagasc na Gaeilge nó le hoideachas trí Ghaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na hiar-bhunscoile.

Cé mhéad a bheidh le caitheamh ag COGG ar an scéim?
Braitheann sin ar bhuiséad COGG agus ar chaighdeán na n-iarratas.

Cé dó maoiniú COGG?
Is féidir le daoine aonair, le grúpa daoine, nó le comhlacht cur isteach ar mhaoiniú COGG.

Cé mhéad airgid a bheidh ar fáil d’iarratasóirí?
Níl aon mhéid faoi leith i gceist ach braitheann sé ar luach oideachasúil na háise. In amanna tabharfaidh COGG an maoiniú iomlán, ach in amanna eile, tairgfear cuid den mhaoiniú nó diúltófar don iarratas. Braitheann an tairiscint ar chinneadh deireanach bhord COGG

Conas a chuirtear isteach ar mhaoiniú COGG?
Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ó www.cogg.ie

Is féidir an fhoirm a líonadh isteach agus é a sheoladh ar ais mar r-phost chuig eolas@cogg.ie nó is féidir í a sheoladh chuig:

Pól Ó Cainín,
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta,
35 Cearnóg Mhic Liam,
Baile Átha Cliath 2
Iarrtar ar an iarratasóir an fhoirm a líonadh isteach go hiomlán.

Cad é an dáta deiridh le haghaidh na n-iarratas?
Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm ar an gCéadaoin an 25 Márta 2015.

Conas a dhéantar measúnú ar na hiarratais?
Roinntear na hiarratais de réir catagóire. Do gach catagóir ceaptar painéal de dhaoine a bhfuil an saineolas cuí acu agus atá neamhspleách ar COGG. Seoltar na hiarratais chucu agus déanann siad measúnú ginearálta orthu go haonarach, agus bíonn cruinniú ag an bpainéal ina dhiaidh sin le teacht ar chomhaontú de réir na gcritéar.
Cuirtear na hiarratais agus moladh/moltaí an phainéil faoi bhráid fochoiste de chuid COGG agus cuirtear moladh/ moltaí ar aghaidh chuig bord COGG leis an gcinneadh deiridh a fhaomhadh.

Ní bheidh aon dul thar chinneadh an bhoird.

Cén uair a fhógróidh COGG toradh an phróisis?
Cuirfear scéala chuig gach iarratasóir go luath i mí Bealtaine.