Méid an Téacs

An maoiniú a baineadh de dhá scoil lán-Ghaeilge tugtha ar ais

Iúil 25, 2016

Tá an maoiniú a baineadh de dhá scoil lán-Ghaeilge le deireanas bronnta arís orthu chun ionaid tacaíochta nua a oscailt.

Nuair a baineadh díobh an maoiniú i mí Mheithimh na bliana seo chuir Scoil an Droichid agus Bunscoil Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste feachtas ar bun chun an maoiniú a fháil arís.

Bhí rún ag na scoileanna tús a chur le scéim phíolótach ag tús na scoilbhliana i mí Mheán Fómhair nuair a baineadh an maoiniú díobh gan choinne.

Cháin eagraíochtaí Gaeilge agus polaiteoirí i mBéal Feirste cinneadh sin na Roinne Oideachais maidir leis an airgead a bhí ceadaithe do na hionaid a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaltaí a mbíonn fadhbanna iompair acu.

D’fhógair an tAire Oideachais Peter Weir inniu, Dé hAoine, go raibh an maoiniú á thabhairt ar ais don dá scoil.

Ghabh Scoil an Droichid buíochas le gach duine a shínigh achainí na scoile le mí anuas agus dúradh gur léiriú a bhí san achomharc ar a thábhachtaí is atá sé “seasamh suas ar son bhur gcearta”.

Tá fáilte curtha ag Aire Airgeadais Stormont, Máirtín Ó Muilleoir roimh an scéala.

“Beidh ról iontach tairbheach ag na haonaid chothaithe in oideachas na leanaí ag na scoileanna seo agus mar thacadóir láidir don oideachas trí mheán na Gaeilge guím gach beannacht orthu amach anseo,” a dúirt sé.

www.tuairisc.ie