An ‘Nuashonrú’ ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht le plé i dTithe an Oireachtais
Deireadh Fómhair 13, 2015
Tá plé le déanamh i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo chugainn ar an tuarascáil Ghaeltachta ina maítear ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’.
Seachtain ón lá amárach, Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair, tionólfar cruinniú den fhochoiste Oireachtais a fhéachann i ndiaidh cúrsaí Gaeilge chun plé a dhéanamh ar an Nuashonú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíocht ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh an Bealtaine.
Chuir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh fáilte roimh an scéal go raibh cruinniú beartaithe “sa deireadh” ag an bhFochoiste chun plé a dhéanamh ar ábhar na tuarascála.
Is ar an 9 Meitheamh a chuir an Seanadóir ó Shinn Féin a chéad iarratas ar chruinniú faoi bhráid an choiste a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.
Dar leis an Seanadóir ó Shinn Féin gur deineadh “neamhaird iomlán” ar feadh i bhfad ar a iarratais ar chruinniú faoin “ngéarchéim teanga” sa Ghaeltacht.
Mhol an Seanadóir Ó Clochartaigh go dtabharfaí cuireadh d’Údarás na Gaeltachta, Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála, agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna le fianaise a thabhairt maidir leis an Nuashonrú.
www.tuairisc.ie