Méid an Téacs

Ardú tagtha ar líon na ndaltaí ar scoileanna lán-Ghaeilge Thuaisceart Éireann

Samhain 23, 2015

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine atá cláraithe le scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, dar le figiúirí nua ón Roinn Oideachais.

Tá 5,000 duine ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge – idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna – ar fud Thuaisceart Éireann. Tá 830 díobh sin ag freastal ar mheánscoileanna. Bhí leath an mhéid sin ann deich mbliana ó shin.

Tá 72% de na scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh neamhspleách agus freastalaíonn daltaí ó chúlraí Caitliceacha, Protastúnacha agus cúlraí eile nach iad orthu.

Tá a chúig oiread daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge in Ulaidh Láir is a bhí trí bliana ó shin – an ráta is mó fás i dTuaisceart Éireann. Tá 467 dalta ar fad ag freastal ar scoileanna Uladh Láir, 256 acu sin in Oileán an Ghuail agus Dún Geanainn, 67 sa Chorr Chríochach agus 144 i Machaire Fíolta.

Ní raibh ach 13 ag freastal ar Ghaelscoil Eoghain sa bhliain 2013 ach tá 67 anois ann. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí i nGaelscoil Aodha Rua freisin, ó 12 sa bhliain 2011 go 88 i mbliana.

Tá sraith Ghaeilge sa scoil Bhéarla St Joseph’s Grammar i nDomhnach Mór ó bhí an bhliain 2010 ann agus tá ag éirí go maith leis de réir thuairisc sa Tyrone Times faoi fhás an Ghaeloideachais ó thuaidh.

Mar sin féin, níl ach scoil amháin sa cheantar sin a bhfuil líon na ndaltaí atá cláraithe leis os cionn an líon is lú daltaí a theastaíonn de ghnáth de réir chritéir na Roinne Oideachais.

http://tuairisc.ie/ardu-tagtha-ar-lion-na-ndaltai-ar-scoileanna-lan-ghaeilge-thuaisceart-eireann/