Méid an Téacs

Athbhreithniú ar bhunscoileanna beaga

Márta 3, 2011

Tá an Roinn Oideachais ag lorg aighneachtaí faoin athbhreithniú atá ar bun acu faoi lathair maidir le bunscoileanna beaga (níos lú na 50 dalta).

Beidh scoileanna beaga Gaeltachta i gceist san athbhreithniú seo agus tá an chontúirt ann go mbeadh brú ar chuid acu nascadh le scoileanna ina bhfuil an bhéarla mar mheán teagaisc iontu.

Tá Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an bpobal tacaíocht a leiriú do na scoileanna seo trí  aighneacht a sheoladh isteach chuig Roinn an Oideachais ag déanamh cur síos ar thábhacht na teanga agus na scoile go ginearálta sna pobail bheaga tuaithe seo.

Tá na haighneachtaí le bheith istigh roimh an 18 Márta.