‘Athbhreithniú ar oideachas sa Ghaeltacht le foilsiú go luath’ – Aire Oideachais
Aibreán 7, 2015
Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan go bhfoilseoidh sí athbhreithniú na Roinne ar an scolaíocht Ghaeltachta go luath. Tá sé d’aidhm ag an athbhreithniú bealaí a aimsiú leis an oideachas lán-Ghaeilge i limistéir Ghaeltachta a threisiú.
Ag labhairt di ag comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann in Inis, Co an Chláir, dúirt Jan O’Sullivan go bhfuil ‘dréachtbheartas cuimsitheach’ ar an gceist réitithe ag an Roinn agus go gcuirfidh sí faoi bhráid an Rialtais go luath é.
Tá aird tarraingthe ag tuarascálacha éagsúla le roinnt blianta ar an an gcuraclam comónta atá i bhfeidhm i ngach áit sa tír a deirtear a fhágann scoileanna Gaeltachta faoi mhíbhuntáiste. Tá an siollabas Gaeilge céanna i ngach scoil sa tír, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht.
I dtuarascáil a scríobh sé i 2007, dúirt an Dr Peadar Ó Flatharta nach ndearnadh cúram de chainteoirí dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht riamh mar nár cuireadh curaclam ar fáil a bhí feiliúnach dá gcumas teanga.
Tharraing an tAire O’Sullivan aird freisin ar labhairt an Bhéarla sa Ghaeltacht a chothaíonn dúshlán ar leith do riachtanais teanga chainteoirí dúchais Gaeilge. Dúirt sí go bhfuil an Rialtas ‘tiomanta do dhul i ngleic leis na dúshláin seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.’
Gheall Jan O’Sullivan go gcuirfear athbhreithniú na Roinne faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta le súil is go bpléifear a bhfuil ann. Dúirt sí go gcuirfear ‘comhairliúchán náisiúnta’ sa tsiúl agus go gcuirfear tús faoi dheireadh na bliana seo ‘leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm agus na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil mar thaca leis’.
Tuilleadh eolais: www.rte.ie