Méid an Téacs

B’fhearr an Ghaeilge a bheith roghnach

Márta 4, 2011

A Chara,
Bím ag éisteacht le díospóireachtaí agus argóintí ar son agus i gcoinne na Gaeilge maidir léi mar ábhar ar chúrsa na hÁrdteiste agus tuigim an dá thaobh.

Táim féin ag saothrú ar son na Gaeilge gan stad, agus tá grá don teanga Náisiunta go láidir im’chroí, bím ag plé le forbairt agus teagasc na Gaeilge ó lá go lá. Aontaim leis ‘an bpointe nua’ maidir leis an Ardteist mar creidim i bhfírinne an tseanfhocail… ‘Is féidir an capall a thabhairt chun uisce ach ní féidir iachall a chur air é a hól!’ Ceapaim gurbh é an díobháil ba mhó a tharla don Ghaeilge riamh ná gur ruaigeadh Sean-chló na teangan mar thóg sé carachtair agus stíl speisialta a bhain le blas agus litríocht na Gaeilge chun suim na ndaltaí scoil a mhealladh maidir le foghlaim na Gaeilge. Feicim na deacrachtaí atá ag scoláiri ag foghlaim Gaeilge agus cé gur ábhar fíor-álainn Í, ní haon dochar a rá gur ábhar casta go leor le foghlaim Í.

Creidim gur fearr é a bheith mar rogha an dalta, seachas mar ábhar riachtanach agus creidim chomh maith, go bhfuil an-suim agus grá ag a lán daoine óga don Ghaeilge agus gur cheart Scéim a chur i bhfeidhm san Roinn Oideachais, Gaeltachta a mheallfadh scoláirí leanúint ar aghaidh le hábhar na Gaeilge. Feicim daltaí ag obair go cruaidh le haghaidh Scrúdú Béil (Múinteoireachta) agus caighdeán an-íseal ach, go bhfóra Dia orthu agus bím beagáinín imníoch faoi chaighdeán na Gaeilge san tseomra ranga ina dhiadh, nuair atá deacrachtaí ag na múinteoirí. Táim ag moladh gan stad gur cheart múinteoir le cáilíocht in ábhar na Gaeilge (Céim onórach mar shampla) a bheith ar an bhfoireann sa bhun-scoil ag déileáil speisialta le hoiliúint na teangan náisiúnta.

Mholfainn bónas a hofráil don dalta, mac-léinn a thogfadh Gaeilge mar ábhar san dara Leibhéal agus ba cheart an t-eolas sin a bheith ar Chlár na Meán-Scoile ag tosnú leis an gcéad bhliain. Ba mhór an gríosú, spreagahd dá mbeadh pointí breise mar luach saothair agus aitheantas don scoláire a gheobhaidh marcanna arda san Árdteist agus bheadh caighdeán B, ar a laghad riachtanach le haghaidh múinteoireachta. Sin iad mo mholtaí maidir le caomhnú na Gaeilge mar ábhar speisialta agus creidim go mbeadh struchtúr agus spiorad i bhfad níos dáiríre agus níos bríomhaire ag gabháil le hoiliúint na Teangan agus daltaí oilte i slí éifeachtach, gan aon bhrú curtha orthu. Mol an Óige agus tiocfaidh sí… Meall mic-léinn na Gaeilge agus oibreoidh siad…

Mise le meas
Eilís Ui Bhriain
Caisleán ui Liatháin
Co. Chorcaí

Gaelscéal – Litir chuig an Eagarthóir