Bileoga eolais maidir le hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge
Márta 6, 2015
Tá bileoga eolais dírithe ar an oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal ar fáil ó GAELSCOILEANNA TEO. Cúnamh é do scoileanna ag eagrú oícheanta eolais agus atá ag scaipeadh eolais ar thuismitheoirí. Is féidir leagan leictreonach den bhileog a íoslódáil mar PDF thíos. Is féidir cóipeanna crua a ordú saor in aisce trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus seolfar amach sa phost chugat iad.