Méid an Téacs

Bunscoil Inis Meáin slán ó bhaol, a bhuíochas le Zurich Insurance

Lúnasa 27, 2015

Scoil Náisiúnta Inis Meáin...Dublin meeting.

Tá bunscoil Inis Meáin slán ó bhaol a dúnta, a bhuíochas le cúnamh airgeadais ón ollchomhlacht árachais, Zurich Insurance. D’fhág na hathruithe a rinneadh le deireanas ar rialacha na Roinne Oideachais nach gcuirfeadh an Roinn maoiniú ar fáil ach d’aon mhúinteoir amháin sa scoil.

Tá an maoiniú breise tugtha anois ag Zurich Insurance chun an dara múinteoir a fhostú sa scoil oileánda a bhfuil naonúr daltaí inti. Ní chuirfeadh an Stát an maoiniú ar fáil ach amháin dá mbeadh scór daltaí ag freastal ar an scoil.

Tá an naonúr sin idir ceithre bliana d’aois, a thosóidh sna naíonáin bheaga i mbliana, agus trí bliana déag d’aois, a chríochnóidh a gcuid bunscolaíochta an samhradh seo chugainn. Ba í Orlaith Breathnach an t-aon mhúinteoir amháin sa scoil agus an t-ualach uirthi aire a thabhairt do na gasúir ar fad sna ranganna idir na naíonáin bheaga agus rang a sé.

Chaill Scoil Náisiúnta Inis Meáin an dara hoide sa bhliain 2012 nuair nach raibh cláraithe inti ach seisear. Ní raibh an múinteoir sin ábalta glacadh le post ar bith eile a thairg an Roinn Oideachais di mar go mbeadh uirthi an t-oileán agus a clann a fhágáil.

Reáchtáladh cruinniú poiblí in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath i mí Iúil faoi chás na scoile. D’fhreastail idir chomhairleoirí contae, Theachtaí Dála agus Seanadóirí ó pháirithe éagsúla polaitíochta ar an gcruinniú. Thug an Teachta Dála, Derek Nolan (PLO), geallúint ag an am go labhródh sé leis an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan faoin scoil.

Dúirt Orlaith Breathnach le Tuairisc.ie an lá i ndiaidh an chruinnithe go raibh dóchas aici go dtabharfadh an Roinn cluas éisteacha d’achainí a scoile agus go gceadófaí múinteoir breise.

Níor tháinig an Roinn chun fóirithinte ar an scoil, áfach, agus bhí gach cosúlacht ar an scéal nach mbeadh an dara múinteoir ann don bhliain seo scoile amach romhainn.

Tá an maoiniú geallta anois ag Zurich Insurance, áfach, faoin gclár Investing in Communities, a chinnteoidh múinteoir breise don scoil go ceann dhá bhliain.

Dúirt Patrick Manley, Príomhfheidhmeannach Zurich Insurance, go raibh ‘cás láidir’ ag an scoil agus go raibh sé tábhachtach don oileán agus don Ghaeilge.

“Aithníonn muid tábhacht na Gaeilge, riachtanais oideachais na ngasúr san oileán agus, go deimhin, todhchaí phobal an oileáin. Tá bród ar Zurich as a bheith in ann ár dtacaíocht a thabhairt don scoil,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go raibh sé ag súil go gcuirfear réiteach buan i bhfeidhm amach anseo.

http://tuairisc.ie/bunscoil-inis-meain-slan-o-bhaol-a-bhuiochas-le-zurich-insurance/