Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge ar chamchuairt!

Lúnasa 25, 2010

Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i meánscoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairm beatha.

Roimhe seo reáchtáladh na seimineáir i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais. Sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr, beifear ag díriú ar ionaid i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn, i mBaile Átha Cliath agus ar an Tulach Mhór.  Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.

Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
25 Lúnasa 2010