Méid an Téacs

Caith vóta leis an nGaeilge

Eanáir 28, 2011

Tá deimhniú tugtha ag Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste.

Thug sé an deimhniú seo do thoscaireacht  ó Chonradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cruinniú sa Dáil an tseachtain seo caite. Fógraíodh an méid seo ag cruinniú práinne a d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta san Óstán Menlo Park i nGaillimh Dé hAoine seo caite. Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile chun an scéal a phlé agus feachtas a eagrú ina n-aghaidh.

Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d’fhreastail ar an gcruinniú. Cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le hÉamon Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta “Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus an t-olltoghchán socraithe anois don 11 Márta 2011. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a múintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo.”

Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.”

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha