Méid an Téacs

Cath na gClubanna Scoile!

Samhain 4, 2010

Roinnt mhaith dea-scéalta cloiste agam faoin nGaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge le tamall beag anuas.

Is breá liom scéalta mar seo a chloisteáil agus tá áthas orm i gcónaí poiblíocht a thabhairt dóibh Ar an gcéad dul síos caithfidh mé a rá go bhfuil neart scéalta dearfacha ann ó thaobh na Gaeilge de na laethanta de ach ag an am céanna níl gach rud geal sa gháirdín. Bíodh sin mar atá fógraíodh go hoifigiúil le déanaí go bhfuil tús á chur le comórtas nua Gaeilge d’iar-bhunscoileanna ar bhonn uile-Éireann. Is comhfhiontar é an comórtas seo idir Glór na nGael agus Foinse, an nuachtán Gaeilge. Caithfidh mé a adhmháil gur breá liom comórtaisí dá leithéid.

Iarrfar ar scoileanna Cumann Gaelach na Mac Léinn a bhunú agus beifear ag súil go n-eagródh an Cumann Gaelach sraith imeachtaí Gaeilge lasmuigh den seomra ranga i gcaitheamh na bliana. Iarrfar ar gach scoil plean imeachtaí bliana a sheoladh chuig Glór na nGael, tráth a ndéanfar gearrliosta de na pleananna is fearr.  Ag fógairt dhuaischiste an chomórtais, dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann go ndéanfar moltóireacht ar na hiarratais is fearr agus bronnfar duaiseanna fiúntacha ar na buaiteoirí. Tabharfaidh Oifigeach na Mac Léinn, Aodhán Ó Dea, cuairt timireachta ar na scoileanna a chláraíonn, chun an comórtas a mhíniú agus na daltaí a spreagadh. Is cúis áthais do Foinse go mbeidh cur síos ar obair chumainn faoi leith le léamh in Foinse gach seachtain idir mí na Samhna agus mí an Mhárta.

Fógrófar buaiteoirí an chomórtais le linn Sheachtain na Gaeilge 2011. Gach eolas faoin gcomórtas seo le fáil ó Aodhán, (086) 3102691 nó aodhan@glornangael.ie  Tá súil agam go mbeidh iar-bhunscoileanna Mhaigh Eo sásta an dushlán a ghlacadh. Tá neart duaiseanna buaite ag áiteanna éagsúla sa chondae seo i gComórtas Ghlór na nGael tríd na mblianta. Bhuaigh Caisleán a’ Bharraigh agus Clár Chlainne Mhuiris an príomh gradam i 1973 agus 1976 ar ndoigh. Fógraíodh Pearsanna Mhaigh Eo 2010 anocht, Déardaoin, i gCaisleán a’ Bharraigh agus tá an-áthas orm go bhfuair Úna Ní Ghabhláin Gradam na Gaeilge. Tá an Gradam seo tuillte go maith ag Úna mar tá saothar saoil tugtha aici don teanga agus do chur chun cinn na Gaeilge. Tá Úna i lár an aonaigh le breis agus dhá scór bliain ag saothrú ar son na teanga. Déanaim comhghairdeas leí agus beidh tuilleadh agam ar an ábhar seo go luath arís.

Ag an ócáid chéanna fógraíodh go raibh Gradam buaite freisin ag Scoil Acla. Déanaim comhghairdeas leo chomh maith agus go speisialta do Sheán Mac Conmara, croí agus anam na scoile. Togha fear é Seán agus bhí bliain ar leith acu ansin in Acaill ag ceiliúradh an chéid. Bhí clár leathan imeachtaí ar bun acu san oileán le bliain anuas agus tá sár jab á dhéanamh acu. Scoil Samhraidh den chéad scoth í Scoil Acla faoin am seo agus níl a sárú le fáil sa tír. Go maire sibh bhur nuacht. Tá an-áthas orm freisin go bhfuil Raidió Rí Rá i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ag dul ó neart go neart. Tá an-tóir ar an raidio seo ag an aos óg. Bhí forbairtí úra á phlé ag na craoltóirí óga a d’fhreastail ar chruinniú cinn bliana an raidio le déanaí. Tá an cairtstáisiún Gaeilge ar an aer le trí bliana anuas ag craoladh ar an idirlíon ar www.rrr.ie agus tá feidhmchláir iPhone agus Nokia cruthaithe ag an stáisiún chomh maith. Reáchtáladh an cruinniú mar chuid de dheireadh seachtaine traenála na mac léinn tríú leibhéal a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le meitheal d’eagraíochtaí Gaeilge eile. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Raidió Rí Rá trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@rrr.ie

The Connaught Telegraph – Mairtin O’Maicin
3 Samhain 2010