Méid an Téacs

Ceann scríbe don mhúnla nua

Deireadh Fómhair 31, 2013

Is cosúil go bhfuil ceann scríbe an mhúnla nua maoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge ag teannadh linn sa deireadh thiar, agus an spriocdháta d’eagraíochtaí chun suim a léiriú sa phróiseas imithe tharainn ó inné, 30 Deireadh Fómhair.

Tá an cheist faoi mhúnla nua maoinithe á phlé le dornán maith blianta anuas, agus cé nach bhfuil tacaíocht léirithe ag na heagraíochtaí féin nó ag pobal na Gaeilge, tá sé beartaithe ag an bhForas agus ag na Ranna Rialtais Thuaidh agus Theas brú chun cinn leis. Faoin múnla nua cuirfear maoiniú ar fáil do 6 cheanneagraíocht in áit an 19 eagraíocht atá ag fáil bunmhaoiniú faoi láthair. Beidh na ceanneagraíochtaí seo ag díriú ar réimse straitéiseacha atá leagtha amach ag Foras na Gaeilge, mar atá: 1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge 2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile 3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta 4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán 5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht 6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga. Tá amchlár foilsithe ag Foras na Gaeilge chun déileáil leis an bpróiseas roghnaithe, rud a fhágann go mbeidh cinneadh á dhéanamh acu ag cruinniú Bhord an Fhorais ag tús na bliana seo chugainn faoi mhaoiniú d’earnáil na Gaeilge ar bhun uile-oileáin.

www.advertiser.ie