Méid an Téacs

Cláir Oideachais ar TG4

Márta 11, 2014

Cuirfidh idir mhúinteoirí agus mhicléinn iarbhunscoile fáilte roimh dhá chlár oideachais a chraolfar ar TG4 i rith an lae scoile i Mí an Mhárta.

Treoir don bhéaltriail a bheidh faoi chaibidil sa chlár “Cuireadh Chun Cainte” a chraolfar ar an gCéadaoin, 19ú Márta ag 2.30i.n. Le daltaí ag ullmhú do na scrúduithe cainte don ardteistiméireacht is cinnte go mbeidh lucht féachana ard i seomraí ranga mórthimpeall na tíre don chraoladh tráthúil seo. Ar an gCéadaoin, 26ú Márta ag 2.30i.n. a chraolfar clár dar teideal “Céim Chun Tosaigh; Ag Obair le Gaeilge”. Séard atá i gceist sa chlár áirithe seo ná eolas a chur ar fáil maidir le cúrsaí tríú leibhéil, deiseanna oiliúna agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí tar éis na scrúduithe Ardteiste. Beidh deis eile an dá chlár a fheiceáil nuair a chraolfar iad maidin Dé Sathairn, 22ú Márta ag tosnú ar 11.00. Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a chuir ábhar na gclár ar fáil agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.gaelport.com.

www.carlow-nationalist.ie