Méid an Téacs

Coimicí Gaeilge i gCeatharlach

Márta 26, 2014

Ceann de na himeachtaí is suimiúla do dhéagóirí a bhí ar chlár Fhéile na Gaeilge i gCeatharlach le déanaí ná ceardlann dar teideal Coimicí Gaeilge. Aidan Courtney as Contae an Chláir a fhoilsíonn an coimic nó leabhar grinn Rí Rá a bhí i mbun teagaisc.

Dúirt sé leo gur chaith sé a lán ama gach seachtain nuair a bhí sé óg ag léamh coimicí agus leabhar grinn mar an Beano, an Dandy, Buster, Batman srl. Bhí an-suim aige iontu agus bhí siad éasca le léamh. De réir a chéile thosaigh sé ag déanamh líníochtaí é féin cosúil leis na pictiúir ins na coimicí.

Tar éis dó céim san ealaín a bhaint amach fuair sé postanna ag déanamh cartúin agus líníochtaí do nuachtáin agus irisí éagsúla. Anois tugann sé ceardlanna do dhéagóirí agus dar le Aidan tá an-suim acu agus an-chumas iontu. Agus ní nach ionadh mar táid ábalta líníocht a dhéanamh agus scéal greannmhar a chumadh.

Thug Glór Cheatharlach cuireadh do Aidan teacht go Ceatharlach chun ceardlann na gcoimicí do dhéagóirí a stiúiriú agus d’éirigh thar barr leis an imeacht. Bhí na caractéir coitianta as Walt Disney ar nós Goofey agus Mickie Mouse chomh maith leis na cinn nua aimseartha ar nós Sponguebob ag teacht chun solais os comhair a súl. Is cinnte go dtabharfar cuireadh ar ais go Ceatharlach do Aidan.

www.carlow-nationalist.ie