Comhcheilg Pháirc an Chrócaigh
Iúil 18, 2013
Tá fáil anois ar úrscéal nua do dhéagóirí ó pheann an t-údar óg as Indreabhán, Diarmaid Ó Ceallaigh.
Tá Diarmaid ag scríobh ó bhí sé an-óg agus is iomaí duais atá bainte amach aige thar na blianta. Go deimhin bhain an leabhar nua, Comhcheilg Pháirc an Chrócaigh, duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais na bliana seo caite.
Tá an t-úrscéal nua bunaithe ar shaol an Chumann Lúthchleas Gael agus ach go háirithe ar an gcarachtar Dara Ó Cualán. Tá Dara ar tí imirt sa chluiche is tábhachtaí ina shaol, craobh mionúr na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Tá a chuid traenála déanta aige, agus a intinn ar an imirt, é ag samhlú na ngaiscí a dhéanfaidh sé mar chúl báire na Gaillimhe. Ach ní raibh súil ar bith aige leis an nglaoch gutháin sin ó dhuine nach n-aithníonn sé: “Tá duine éigin ar an bhfoireann tar éis glacadh le breab chun an cluiche a chailleadh oraibh.”
An magadh a bhí ann? Nó an bhféadfadh sé a bheith fíor? Tá teannas ann cheana i measc na foirne agus oifigigh an chontae, ach an mbeadh aon bhaint aige sin leis? An bhfuil duine dá chomhghleacaithe ag iarraidh an chraobh a thabhairt don fhoireann eile i ndáiríre? Tá cuma aisteach ar an scéal, cinnte!
Is gearr go dtarraingítear Dara isteach i rudaí atá i bhfad ón iománaíocht, breabaireacht, calaois, agus b’fhéidir an bás féin – beidh an misneach ag teastáil uaidh leis an mbáire seo a shábháil.
Ba é Cathal Moore, iar-iománaí na Gaillimhe, a sheol an leabhar ag ócáid i dTigh Chualáin in Indreabhán le déanaí. Tá Comhcheilg Pháirc an Chrócaigh foilsithe ag Coiscéim agus é le fáil ar €7.50 ó Shiopa an Phobail, Indreabhán, nó ó An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Guthán 01 4783814 nó www.cnagsiopa.com.
www.advertiser.ie/galway