Méid an Téacs

Cúrsaí Gaeilge an fhómhair le Gaelchultúr i gCeatharlach

Lúnasa 28, 2012

Le críoch an tsamhraidh buailte linn agus míonna an fhómhair ag síneadh amach romhainn is iomaí duine atá ag smaoineamh ar chlárú do chúrsa oíche.

Tá an-áthas ar Ghlór Cheatharlach a fhógairt go mbeidh cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i gcomhar le Gaelchultúr ar fáil arís i mbliana.
Is í seo an ceathrú bhliain de na cúrsaí Gaelchultúir i gCeatharlach. Cuirfear tús leis na ranganna an tseachtain dar tús 24 Meán Fómhair agus rachaidh siad ar aghaidh thar deich seachtaine. Chun freastal cuí a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí beidh rogha de chúrsaí ar fáil ag bun agus meán leibhéil. Beidh na Bunchúrsaí ar siúl oíche Luain agus na Meánchúrsaí ar an Mháirt leis na ranganna go léir ó 7:00-9:00i.n. in oifigí Chomhairle Chontae Cheatharlach ar Bhóthar Átha Í.
Daoine ar mhian leo freastal ar chúrsa agus nach bhfuil cinnte cén leibhéal a d’oirfeadh dóibh is féidir leo tabhairt faoi Thriail Ghaeilge ar Líne atá ar fáil saor in aisce ar shuíomh idirlín an chomhlachta www.gaelchultur.com. Tá clárú oscailte anois ar líne nó trí ghlaoch a chur ar 1890 252 900. Tá gach eolas ar an suíomh dátheangach nó is féidir na sonraí uile a fháil ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie.

Grúpa nuabhunaithe tuistí agus leanaí as Gaeilge i gCeatharlach
Tá ag éirí go breá le Spraoi, an grúpa nua Tuistí/Leanaí a bunaíodh i gCeatharlach le déanaí. Tagann an grúpa le chéile gach maidin Mháirt ó 10-12 meánlae in Ionad Phobal New Oak. Bíonn cupán tae nó caife ar fáil do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag súgradh. Tá rogha leathan de bhreagáin ann do na buachaillí agus cailíní.
Gabhann an grúpa buíochas ó chroí leis na heagrais Comhluadar Teo agus Coiste Chúram Leanaí Chontae Cheatharlach as urraíocht fhlaithiúil a chur ar fáil dóibh.
Is áit iontach é an tIonad Phobal New Oak le háiseanna atá an-oiriúnach do thuismitheoirí agus pháistí araon-fiú áit shúgartha lasmuigh le sleamhnáin agus trealamh le husáid nuair a bhíonn an aimsir go breá. Ar ndóigh baineann na páistí an-taitneamh as seo. Críochnaíonn an seisiún gach seachtain le cúpla amhrán Gaeilge agus is breá leis na páistí iad a chanadh agus na gíomhaíochtaí á dhéanamh acu.
Cuirtear fíórchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge áfach-ach díreach suim agus a bheith sásta triail a bhaint aisti.
Tá costas €3 an chlann in aghaidh an lae i gceist le tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa chostas sin.  Tá an grúpa oiriúnach d’éinne le páistí suas go 4 bliana d’aois.
Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn, scaip an scéal agus beidh fáilte roimh chách!

SULT an fhómhair i gCeatharlach
Tar éis bhriseadh an tsamhraidh fillfidh SULT, an oíche shóisialta trí Ghaeilge, ar Cheatharlach ar an Déardaoin 30 Meán Fómhair. Cuirfear céad míle fáilte roimh chách chuig Sult an fhómhair sa Teach Bar, Sráid na Tulaí ag 9.00i.n.
Tiocfaidh daoine le chéile ansin ar an Déardaoin deireannach de gach mí chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirfear fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí.
Tabhair faoi deara an t-ionad nua agus Sult ag bogadh béal dorais ó Theach Dolmain go Teach Bar. Buail isteach le haghaidh dreas cainte. Bígí linn ar an Déardaoin seo chun SULT a bhaint as an nGaeilge.

www.carlow-nationalist.ie